20210219_IRISH_priosun_8_mbliana_gearrtha_ar_iarmhuinteoir_faoi_ionsaithe_gneis



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yb2967gy

Former teacher sentenced to 8 years for sexual assault.

Príosún 8 mbliana gearrtha ar iarmhúinteoir faoi ionsaithe gnéis.

A former high school teacher has been sentenced to eight years in prison for indecently assaulting and sexually assaulting 23 boys over the course of seventeen years.

Tá téarma príosúin ocht mbliana gearrtha ar iarmhúinteoir meánscoile faoi ionsaithe mígheanasacha agus gnéis a dhéanamh ar 23 buachaill i gcaitheamh seacht mbliana déag.

John McClean, a former teacher at Terenure College, Dublin, was sentenced to a total of eleven years in prison, but was suspended for three years.

Téarma príosúin aon bhliain déag san iomlán a gearradh ar John McClean, iarmhúinteoir i gColáiste Thír an Iúir i mBaile Átha Cliath, ach cuireadh trí bliana díobh ar fionraí.

John McClean, 76, of Casimir Avenue in Harold’s Cross, pleaded guilty to assaulting the boys between 1973 and 1990 at Terenure College.

Phléadáil John McClean, 76 bliain daois, as Ascaill Casimir i gCrois Araild, ciontach sna hionsaithe a dhéanamh ar na buachaillí idir 1973 agus 1990 i gColáiste Thír an Iúir.

John McClean was an English and drama teacher and rugby coach at the famous school.

Múinteoir Béarla agus drámaíochta agus cóitseálaí rugbaí sa scoil cháiliúil ab ea John McClean.

He was also a director of University College Dublin rugby for some time.

Stiúrthóir rugbaí Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath a bhí ann ar feadh tamaill freisin.

In an office in the school, in classrooms, during sporting events and while the students were getting subjected to plays he attacked the boys who were between twelve and sixteen years old.

In oifig sa scoil, i seomraí ranga, le linn imeachtaí spóirt agus nuair a bhí na daltaí ag fáil faoi réir do dhrámaí a dionsaigh sé na buachaillí a bhí idir dhá bhliain déag agus sé bliana déag.

Judge Pauline Codd commended the victims for coming forward and telling the court what happened to them.

Mhol an Breitheamh Pauline Codd na híospartaigh as teacht chun cinn agus an méid a tharla dóibh a insint os comhair na cúirte.

The judge said John McClean had abused people’s trust in him and his power.

Dúirt an breitheamh gur bhain John McClean mí-úsáid as an muinín a bhí ag daoine ann agus as an gcumhacht a bhí aige.

She also pointed out that the school authorities had failed the pupils in their care.

Thug sí le fios freisin gur loic údaráis na scoile ar na daltaí a bhí faoina gcúram.

Leave a Reply