20200816_IRISH_12_08



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y2lash4u
FOCLÓIR: Sainmhíniú – definition, géarchéim – crisis, deis – opportunity, moladh – recommendation, mic léinn – students, tairiscintí – offers, buntáistí – advantages, cothromaíocht – balance, ráig – outbreak, gairmeacha – professions, brú airgeadais – financial pressure.

College progress year.

Bliain um dhul chun cinn an Choláiste.

Crisis is defined as ‘a state of paramount importance for change’.

Is é an sainmhíniú a thugtar ar ghéarchéim ná ‘stát rí-thábhachtach cinnte as a gcaithfidh athrú teacht’.

We are in a crisis now because the Leaving Cert has had to be canceled.

Tá géarchéim againn anois toisc gur caitheadh an Ardteist a chur ar ceal.

It means that students who were preparing to take the exams will be given an estimate of their points.

Ciallaíonn sé go dtabharfar meastachán ar a gcuid pointí do mhic léinn a bhí ag ullmhú chun na scrúduithe a dhéanamh.

While a good process is to be used, not everyone will be happy with the estimate.

Cé go bhfuiltear chun próiseas maith a úsáid, ní bheidh gach aon duine sásta leis an meastachán.

Whatever happens, the old system will not be used this year.

Cibé rud a tharlóidh, ní úsáidfear an sean chóras i mbliana.

The result is that the crisis gives us a chance to try something different this year, even if it only lasted one year.

Is é an toradh atá ar sin ná go dtugann an ghéarchéim deis dúinn rud éigin difriúil a thriail i mbliana, fiú amháin más rud é nach maireadh sé ach bliain amháin.

My recommendation is that the Leaving Certificate results should not be used to allocate places to students for higher education courses as is usually the case.

Is é an moladh atá agam ná nach mbainfí úsáid as torthaí na hardteistiméireachta chun áiteanna a dháileadh amach ar na mic léinn do na cúrsaí ardoideachais mar a déantar de ghnáth.

After completing their secondary schooling, students could spend a year at a local institute of technology.

Tar éis do na daltaí a dtréimhse meánscolaíochta a chríochnú d’fhéadfaidís bliain a chaitheamh in institiúid áitiúil teicneolaíochta.

Offers may be made at the end of this year for college degree and other career courses.

D’fhéadfaí tairiscintí a dhéanamh ag deireadh na bliana seo maidir le cúrsaí céime sa choláiste agus cúrsaí gairme eile.

This system is successful in community colleges in the United States.

Éiríonn leis an gcóras seo i coláistí pobail sna Stáit Aontaithe.

There are also many benefits to having students live at home for another year.

Tá a lán buntáistí chomh maith ann má bhíonn na daltaí ag maireachtaint sa bhaile ar feadh bliana eile.

This year they could focus on one of the following groups.

Sa bhliain seo d’fhéadfaidís díriú ar cheann de na grúpaí seo a leanas.

Analytical group: Mathematics, Physics, Chemistry, etc. Arts Group: Irish, English, Art, Music, History, etc. Applied group: Social Studies, Business, Economics, etc.

An grúpa Anailíseach: Matamaitic, Fisic, Ceimic, agus araile Grúpa na hEalaíona: Gaeilge, Béarla, Ealaín, Ceol, Stair, agus araile An grúpa Feidhmeach: Staidéar Sóisialta, Gnó, Eacnamaíocht, agus araile.

This would give secondary schools a chance to focus more on the right basic education, instead of spending too much time on ‘getting points’.

Thabharfadh sé seo seans do na meánscoileanna díriú níos mó ar oideachas ceart bunúsach, in ionad an iomarca ama a chaitheamh ar ‘phointí a fháil’.

It would also help to: 1.

Chomh maith leis sin chabhródh sé chun: 1.

Creating a balance between schools, regions and between rural / urban areas, as well as between disadvantaged areas and affluent areas.

Cothromaíocht a chruthú idir scoileanna, réigiúin agus idir ceantair thuaithe/cathrach, chomh maith le idir ceantair faoi mhí bhuntáiste agus ceantair rachmasacha.

2.

2.

There would be a reduction in the number of students tucked together in small city apartments, and the risk of getting Covid-19 in the second or third outbreak of the disease would be less high.

Bheadh laghdú ar an méid mic léinn a bheadh teanntaithe le chéile in árasáin bheaga sna cathracha, agus ní bheadh an baol chomh hard go bhfaighidís covid 19 sa dara nó an tríú ráig den ghalar.

3.

3.

The institutes of technology would have more merit.

Bheadh níos mó fiúntais leis na hinstitiúidí teicneolaíochta.

4.

4.

The pressure on schools to teach more college-friendly subjects would be reduced.

Laghdófaí an brú atá ar scoileanna a bheith ag múineadh ábhar atá níos oiriúnaí don choláiste.

5.

5.

Students would have more time to choose their career.

Bheadh níos mó ama ag mic léinn a ngairm bheatha a roghnú.

a.

a.

First select a wide range of subjects in the Leaving Certificate year.

Ar dtús sruth leathan ábhar a roghnú i mbliain na hardteistiméireachta.

b.

b.

Find out more about other careers during college progression year.

Níos mó eolais a fháil faoi ghairmeacha eile i rith na bliana um dhul chun cinn an choláiste.

c.

c.

They wanted to do short courses relevant to their careers.

Cúrsaí gearra a dhéanamh a bheadh bainteach leis an ngairm bheatha a bhí uathu.

d.

d.

Lectures on medicine, guest talks from business leaders, and visits to hospitals, companies and so on.

Léachtaí ar an leigheas, aoíchainteanna ó cheannairí gnó, agus cuairteanna chuig ospidéil, comhlachtaí agus araile.

e.

e.

Then apply for a place on the career-appropriate course they wanted, based on end-of-year exam results, as well as an interview, and aptitude / aptitude tests.

Ansin iarratas a dhéanamh chun áit a fháil ar an gcúrsa oiriúnach don ngairm bheatha a bhí uathu, a bheadh bunaithe ar thorthaí scrúduithe dheireadh na bliana, chomh maith le hagallamh, agus trialacha cumais/éirime.

8.

8.

This would reduce the chances of choosing the wrong course in college.

Laghdódh sé seo an seans go roghnófaí an cúrsa mícheart a roghnú sa choláiste.

9.

9.

It would help the decentralization and viability of the regions.

Chabhródh sé le dílárú agus le h-inmharthaineacht na réigiún.

10.

10.

Further research into local businesses and community needs.

A thuilleadh taighde a dhéanamh ar ghnólachtaí áitiúla agus ar riachtanais an phobail.

11.

11.

Supporting a displaced son / daughter at a time of declining family incomes and a high unemployment rate would reduce the financial pressure on a family.

Laghdófaí an brú airgeadais a bhíonn ar theaghlach nuair a bhíonn tacaíocht le tabhairt do mhac/iníon a bhíonn imithe as baile, tráth a mbíonn laghdú tagtha ar ioncaim an teaghlaigh agus ráta ard dífhostaíochta.

Could colleges easily cope with such changes?

An bhféadfadh coláistí dul i ngleic go héasca le athruithe den chineál seo?

Since January many online courses have been adapted for distance learning.

Ó mhí Eanáir tá cuid mhaith cúrsaí curtha in oiriúint ar line don chianfhoghlaim.

The number of international students will be declining and colleges are adapting their courses to the new way of learning, some of which will be part of the past and some online.

Beidh laghdú ar líon na mac léinn ón iasacht agus tá na coláistí ag cur a gcuid cúrsaí in oiriúint don slí nua chun foghlaim, slí ina mbeidh cuid de mar a bhíodh agus cuid eile de ar line.

Next academic year will not be as it used to be.

Ní bheidh an bhliain acadúil seo chugainn mar a bhíodh.

Now is the time to discuss ‘College Progress Year’.

Anois an t-am chun ‘Bliain um Dhul Chun Cinn an Choláiste’ a phlé.

It’s not worth waiting too long and doing nothing.

Ní fiú fanacht rófhada agus gan tada a dhéanamh.

Albert Einstein said “in the midst of every crisis, there is a great opportunity”.

Is é Albert Einstein a dúirt “i measc gach géarchéim, tá deis iontach ann”.

Leave a Reply