20240412_IRISH_€3_bhilliun_sa_bhliain_a_chothu_ag_sli_an_atlantaigh_fhiain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/29fafkmd

Contact: irishlingos@gmail.com

€3 billion a year supported by the Wild Atlantic Way.

€3 bhilliún sa bhliain á chothú ag Slí an Atlantaigh Fhiáin.

Over €3 billion is brought in a year between Donegal and Cork due to the Wild Atlantic Way, the major tourist route established ten years ago, according to a new report published by Fáilte Ireland.

Tugtar isteach os cionn €3 bhilliún sa bhliain idir Dún na nGall agus Corcaigh mar gheall ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, an mhórchonair turasóireachta a bunaíodh deich mbliana ó shin, de réir tuarascáil nua atá foilsithe ag Fáilte Éireann.

That is said to be a 60% increase in tourism arrivals in the west of the country since 2014.

Deirtear gur méadú 60 faoin gcéad é sin ar an teacht isteach ón turasóireacht in iarthar na tíre ó 2014.

As well as the additional influx, says Fáilte Ireland, 35,000 new jobs have been created in the west over the course of those ten years as a result of the project’s success so far.

Chomh maith leis an teacht isteach breise, a deir Fáilte Éireann, cuireadh 35,000 post nua ar fáil san iarthar i gcaitheamh na ndeich mbliana sin de bharr chomh rathúil agus a bhí an tionscadal go dtí seo.

The Wild Atlantic Way is 2,500 kilometers long and runs from Enniswein in Co. Donegal to Kinsale in Co. Cork.

2,500 ciliméadar ar a fhad atá Slí an Atlantaigh Fhiáin a théann ó Inis Eoghain i gCo Dhún na nGall go Cionn tSáile i gCo Chorcaí.

Some of the country’s most important heritage sites are included along the way – including Grianán Ailigh, Achidhéde, Dún Angusa and Blascaod Mór.

Áirítear cuid de na láithreáin oidhreachta is tábháchtaí sa tír feadh na slí – Grianán Ailigh, Achaidh Chéide, Dún Aonghasa agus an Blascaod Mór ina measc.

The new report is being launched by Fáilte Ireland at the Meithal tourism ‘fair’ which is being held in Kilarne in Co Kerry today and tomorrow.

Tá an tuarascáil nua á seoladh ag Fáilte Éireann ag ‘aonach’ turasóireachta Meitheal atá ar siúl i gCill Airne i gCo Chiarraí inniu agus amárach.

Meithal is an annual event that gives tourism businesses the opportunity to present what they have to offer to international bodies.

Mórócáid bhliantúil is ea Meitheal a thugann deis do ghnóthais turasóireachta a bhfuil á thairiscint acu a chur i láthair comhlachtaí idirnáisiúnta.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply