20240409_IRISH_simon_harris_le_toghadh_ina_thaoiseach_sa_dail_inniu



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2cvbjnhn

Contact: irishlingos@gmail.com

Simon Harris to be elected Taoiseach in the Dáil today.

Simon Harris le toghadh ina Thaoiseach sa Dáil inniu.

Fine Gael leader Simon Harris is to be elected Taoiseach in Dáil Éireann today.

Tá ceannaire Fhine Gael Simon Harris le toghadh ina Thaoiseach i nDáil Éireann inniu.

Simon Harris is 37 years old and will be the youngest ever Taoiseach.

Tá Simon Harris 37 bliain d’aois agus beidh sé ar an Taoiseach is óige riamh.

He will replace Leo Varadkar who unexpectedly announced his resignation three weeks ago.

Tiocfaidh sé in áit Leo Varadkar a d’fhógair gan choinne trí seachtaine ó shin go raibh sé le n-éirí as.

Yesterday evening, Leo Varadkar formally offered President Michael D Higgins to resign.

Tráthnóna inné, thairg Leo Varadkar go foirimiúil don Uachtarán Michael D Higgins éirí as oifig.

In the Dáil this morning, Minister for Social Protection and deputy leader of Fine Gael Heather Humphreys will recommend Simon Harris for the Taoiseach and Minister of State Peter Burke will support his motion.

Sa Dáil ar maidin inniu, molfaidh an tAire Coimirce Sóisialaí agus leascheannaire Fhine Gael Heather Humphreys, molfaidh sí Simon Harris don Taoiseacht agus tacóidh an tAire Stáit Peter Burke lena rún.

It is understood that up to 87 Dáil MPs will vote for Simon Harris, including a large number of Independent MPs.

Tuigtear go vótálfaidh suas le 87 Teachta Dála ar son Simon Harris, cuid mhór Teachtaí Neamhspleácha ina measc.

Independent Deputies Seán Canney, Cathal Berry, Peter Fitzpatrick, Noel Grealish, Denis Naughten, Michael Lowry and Marc MacSharry have already indicated that they will vote for him.

Na Teachtaí Neamhspleácha Seán Canney, Cathal Berry, Peter Fitzpatrick, Noel Grealish, Denis Naughten, Michael Lowry agus Marc MacSharry, tá sé tugtha le fios acu cheana féin go vótálfaidh siad ar a shon.

After the vote, Simon Harris will go to Áras an Uachtaráin, where he will be formally appointed Taoiseach.

Tar éis an vóta, rachaidh Simon Harris go dtí Áras an Uachtaráin, áit a gceapfar go foirmiúil é ina Thaoiseach.

It is expected that he will replace several Fine Gael Ministers in the Cabinet afterwards.

Meastar go n-athróidh sé roinnt Airí Fhine Gael sa Chomhaireacht ina dhiaidh sin.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply