20230604_IRISH_fear_on_spideal_os_comhair_cuirte_faoi_lastas_cocaoin



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2zj22jvn

Contact: irishlingos@gmail.com

Man from Spidéal in court over cocaine shipment.

Fear ón Spidéal os comhair cúirte faoi lastas cocaoin.

A man from An Spidéal in County Galway was brought before the Galway District Court today charged with a cocaine shipment, worth €106,000, found in a house in Spidéal.

Tugadh fear as An Spidéal i gContae na Gaillimhe os comhair Chúirt Dúiche na Gaillimhe inniu agus é cúisithe maidir le lastas cócaoin, luach €106,000 a fuarthas i dteach sa Spidéal.

Judge Brendan O’Reilly said he was willing to let Niall Conneely out on bail but there would be certain conditions.

Dúirt an Breitheamh Brendan O’Reilly go raibh sé sásta Niall Conneely a ligean amach ar bannaí ach go mbeadh coinníollacha áirithe i gceist.

Niall Conneely, whose home address is Sídhéán ar an Spidéal, was present at a special sitting of the court today.

Bhí Niall Conneely, a bhfuil Sídheán ar an Spidéal, mar sheoladh baile aige, i láthair ag suí speisialta de chuid na cúirte inniu.

He was arrested yesterday when a cocaine shipment worth €106,000 was found in a residence in the town.

Gabhadh inné é nuair a fuarthas lastas cócaoin ar luach €106,000 i dteach cónaithe ar an mbaile.

Detective Constable Peter Naughton, who arrested and charged Niall Conneely yesterday, said that he was willing to accept the bail terms proposed by Solicitor Brian Gilmartin, bails to the value of €20,000, but that certain conditions had to be attached to them .

Dúirt an Bleachtaire Peter Naughton, a ghabh agus a chúisigh Niall Conneely inné, go raibh sé sásta glacadh le téarmaí na mbannaí a bhí á moladh ag an Aturnae Brian Gilmartin, bannaí ar luach €20,000, ach go gcaithfeadh coinníollacha áirithe a bheith ag baint leo.

Judge Brendan O’Reilly accepted the recommended bail terms.

Ghlac an Breitheamh Brendan O’Reilly le téarmaí na mbannaí a bhí á moladh.

The following conditions will apply to the arrangement.

Bainfidh na coinníollacha seo a leanas leis an socrú.

Niall Conneely will have to give the guards a contact number and be willing to answer the phone at any time during the day or night.

Beidh ar Niall Conneely uimhir theagmhála a thabhairt do na gardaí agus a bheith sásta an guthán a fhreagairt am ar bith i gcaitheamh an lae nó istoíche.

He will have to sign in at the Garda Station in Beach Road every Monday, Wednesday and Saturday from now on.

Beidh air síniú isteach ag Stáisiún na nGardaí i mBóthar na Trá gach Luan, Céadaoin agus Satharn as seo amach.

He was asked to hand over his passport to the Gardaí and not to interfere with travel documents.

Iarradh air a phas a thabhairt do na Gardaí agus gan cur isteach ar cháipéisí taistil.

In addition, Niall Conneely will have to remain clean of intoxicants, remain at his home address and inform the Gardai if there is any change in that address.

Ina theannta sin, beidh ar Niall Conneely fanacht glan ó ábhar meisciúil, fanacht ina sheoladh baile agus na Gardaí a chur ar an eolas má thagann aon athrú ar an seoladh sin.

Judge Brendan O’Reilly recommended that Niall Conneely pay the court a sum of €10,000 in cash, but he was willing to reduce that sum to €5000 at the request of Solicitor Brian Gilmartin, who said he would not be able to afford it. by Niall Conneely to pay the full amount by next week.

Mhol an Breitheamh Brendan O’Reilly go ndéanfadh Niall Conneely suim €10,000 a íoc leis an gcúirt in airgead tirim, ach bhí sé sásta an tsuim sin a laghdú go €5000 ar iarratas ón Aturnae Brian Gilmartin, a dúirt nach mbeadh sé d’acmhainn ag Niall Conneely an méid iomlán a íoc faoin tseachtain seo chugainn.

Niall Conneelly will appear before the District Court again in Galway on June 7.

Beidh Niall Conneelly os comhair na Cúirte Dúiche arís sa Ghaillimh ar an 7 Meitheamh.

Leave a Reply