20230504_IRISH_ionaid_altranais_i_mbaol_a_ndunta_cheal_maoinithe_breise



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2n4ae9ca

Contact: irishlingos@gmail.com

“Nursing centers at risk of closure due to additional funding”.

“Ionaid altranais i mbaol a ndúnta cheal maoinithe breise”.

There is a risk that more nursing centers in the State will close due to lack of additional funding, according to a senior spokesperson from the sector.

Tá an baol ann go ndúnfaidh tuilleadh ionad altranais sa Stát de cheal maoinithe breise, dar le hurlabhraí sinsearach ón earnáil.

Tadhg Daly is the chief executive of the representative organization Nursing Centers of Ireland and he said today that residents in private centers should receive the same funding as residents in public centers.

Is é Tadhg Daly príomhfheidhmeannach na eagraíochta ionadaíochta Ionaid Altranais na hÉireann agus dúirt sé inniu gur chóir go bhfaigheadh cónaitheoirí in ionaid phríobháideacha an maoiniú céanna agus a fhaigheann cónaitheoirí in ionaid phoiblí.

Speaking on RTÉ, Tadhg Daly indicated that the latest figures from the Health Service Executive show that there is a “significant gap” between the two schemes in terms of funding.

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug Tadhg Daly le fios go léiríonn na figiúirí is deireanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil “bearna shuntasach” idir an dá dhream ó thaobh maoinithe de.

He claimed that this gap is an injustice because each and every nursing center – whether public or private – must be of equal quality.

Mhaígh sé gur éagóir atá sa bhearna seo mar go gcaithfidh gach uile ionad altranais –bídís poiblí nó príobháideach – a bheith ar chomhchaighdeán.

Without the appropriate reforms in the financing system, said Tadhg Daly, the private sector will not survive.

D’uireasa na leasuithe cuí sa chóras maoinithe, arsa Tadhg Daly, ní thiocfaidh an earnáil phríobháideach slán.

Suppose, he added, nursing center owners will not be able to afford to give their employees pay rises and more carers and nurses will leave the sector as a result.

Cuir i gcás, ar sé, ní bheidh sé d’acmhainn ag úinéirí ionad altranais arduithe pá a thabhairt dá bhfostaithe agus fágfaidh tuilleadh cúramóirí agus altraí an earnáil dá bharr sin.

Those in the private sector are only asking for justice, said Tadhg Daly, and he appealed to the Government to address the issue soon.

Níl lucht na hearnála príobháidí ag sireadh ach cóir, a dúirt Tadhg Daly, agus d’achainigh sé ar an Rialtas aghaidh a thabhairt ar an gceist gan mhoill.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply