20220804_IRISH_fear_tar_eis_pleadail_ciontach_i_maru_neamhdhleathach_a_dheirfear



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2yyvfk2o

Contact: irishlingos@gmail.com

A man has pleaded guilty to the unlawful killing of his sister.

Fear tar éis pléadáil ciontach i marú neamhdhleathach a dheirféar.

In the Cumberland District Court, a 27-year-old man from Dublin pleaded guilty to killing his sister in her home in the Finglas area almost five months ago.

I gCúirt Dúiche Chnoc na Seamar, phléadáil fear 27 bliain d’aois as Baile Átha Cliath ciontach ina dheirfiúr a mharú ina teach cónaithe i gceantar Fhionnghlaise beagnach cúig mhí ó shin.

Sandra Boyd, 36, who had five children, was shot dead in the house in Collins Place in Finglas on March 19.

Lámhachadh Sandra Boyd, 36 bliain, a raibh cúigear clainne aici, sa teach i bPlás Uí Choileáin i bhFionnghlas ar an 19 Márta.

She was badly injured and passed away shortly after in the Mater Hospital.

Gortaíodh go dona í agus cailleadh í go gairid i ndiaidh a caite in Opsidéal an Mater.

It is believed that the gun was accidentally discharged.

Táthar den tuairim gur de thaisme a scaoileadh an gunna léi.

Her brother Derek Boyd was initially charged with possession of a firearm and ammunition and remanded in custody.

Cúisíodh a deartháir Derek Boyd ar an gcéad dul síos i ngunna agus armlón a bheith ina sheilbh aige agus cuireadh siar faoi choinneáil é.

However, last month he was charged with the unlawful killing of Sandra Boyd and pleaded guilty to that charge today.

An mhí seo caite, áfach, cúisíodh é i marú neamhdhleathach Sandra Boyd agus phléadáil sé ciontach sa chúis sin inniu.

Derek Boyd was sentenced in court today at Dublin Criminal Circuit Court on October 7th.

Rialaíodh sa chúirt inniu pianbhreith a ghearradh ar Derek Boyd i gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath ar an 7 Deireadh Fómhair.

The defense barrister said from the start that his client wanted him to show remorse and that the shooting incident was a tragic accident.

Dúirt an t-abhcóide cosanta ón tús gur mhian lena chliant go mbeadh breith ar a aiféala aige agus gur timpiste thragóideach a bhí san eachtra lámhaigh.

Leave a Reply