20220406_IRISH_achaini_zelensky:_eang_sa_roth_a_chur_i_meaisin_cogaidh_na_ruise



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y7e6htqb
Contact: irishlingos@gmail.com

Zelensky’s petition: to put a notch in the wheel in a Russian war machine.

Achainí Zelensky: eang sa roth a chur i meaisín cogaidh na Rúise.

Ireland’s support for the people of Ukraine since Russia’s invasion six weeks ago has been highly praised by Ukrainian President Volodymyr Zelensky in a video address to the Oireachtas this morning.

Tá tacaíocht na hÉireann do mhuintir na hÚcráine ó rinne an Rúis ionradh ar an tír sin sé seachtaine ó shin molta go hard ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky in aitheasc a thug sé don Oireachtas ar nasc físe ar maidin.

Both TDs, Senators and foreign diplomats were in the Dáil to welcome President Zelensky and listen closely to his historic speech.

Bhí idir Theachtaí Dála, Sheanadóirí agus thaidhleoirí eachtracha sa Dáil le fáiltiú roimh an Uachtarán Zelensky agus le cluas ghéar a thabhairt dá óráid stairiúil.

He said that although Ireland was a neutral country, it did not remain neutral in the face of the catastrophe and disaster that Russia is calling on Ukraine.

Dúirt sé cé gur tír neodrach í Éire nár fhan sí neodrach i bhfianaise na tubaiste agus na hanachaine atá agartha ag an Rúis ar an Úcráin.

From the very beginning, says Volodymyr Zelensky, Ireland has come to the aid of Ukraine.

Ón bhfíorthús, arsa Volodymyr Zelensky, tháinig Éire i gcabhair ar an Úcráin.

He thanked the Irish people for supporting the imposition of sanctions on Russia, for providing humanitarian and financial support to the Ukrainian people, and for providing refuge to refugees fleeing war.

Ghabh sé buíochas le muintir na hÉireann as tacú le smachtbhannaí a chur ar an Rúis, as tacaíocht daonnachta agus airgeadais a chur ar fáil do mhuintir na hÚcráine, agus as tearmann a thabhairt do dhídeanaithe atá teite ón gcogaíocht.

However, he urged the Irish Government to persuade other European Union member states to impose tougher sanctions on Russia for the “Russian war machine”.

D’achainigh sé ar Rialtas na hÉireann, áfach, cur ina luí ar bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh smachtbhannaí níos déine a chur ar an Rúis le go gcuirfí eang sa roth i “meaisín cogaidh na Rúise.”

He is grateful, he said, for the Government’s support for Ukraine’s application for membership of the European Union.

Tá sé buíoch, a dúirt sé, as an tacaíocht atá tugtha ag an Rialtas d’iarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach.

In his speech, President Zelensky claimed that “the Russians are arming the hungry” to defeat the Ukrainian people.

Mhaígh an tUachtarán Zelensky ina óráid go bhfuil “armáil á baint ag na Rúisigh as an ocras” le muintir na hÚcráine a chloí.

He said that the Russian Army is destroying ports and food and fuel depots to starve Ukrainians.

Dúirt sé go bhfuil calafoirt agus iostaí bia agus breosla á scrios ag Arm na Rúise le gorta a tharraingt ar Úcránaigh.

He reminded the Oireachtas that other countries will suffer as a result of this Russian hard work as Ukraine is a major food producer and exporter.

Mheabhraigh sé don Oireachtas go mbeidh tíortha eile thíos leis mar gheall ar dhrochobair seo na Rúiseach ós táirgeoir agus onnmhaireoir mór bia í an Úcráin.

Political unrest in various countries and more refugees will result in the food crisis being created by the Russians for one ogham, Volodymyr Zelensky said.

Corraíl pholaitiúil i dtíortha éagsúla agus níos mó teifeach an toradh a bheas ar an ngéarchéim bia atá á cruthú d’aon oghaim ag na Rúisigh, a dúirt Volodymyr Zelensky.

He drew attention to the massacre in the town of Bucha and the constant harassment of the people of the city of Mariupol in southeastern Ukraine.

Tharraing sé aird ar an sléacht i mbaile Bucha agus ar chiapadh seasta mhuintir chathair Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine.

It is a sign of their misery, he said, that there is no more snow in Mariupol to melt for water.

Solaoid í ar a n-ainriocht, a duirt sé, nach bhfuil aon sneachta i Mariupol níos mó lena leá i gcomhair uisce.

The Russians are still bombarding the remnants of the city despite being a liar for a long time, he said.

Tá a bhfuil fanta den chathair á thuairgneáil ag na Rúisigh i gcónaí ainneoin leircín a bheith déanta di le fada, ar sé.

President Zelensky also confirmed that 167 children had been killed, and that 927 educational institutions and 258 hospitals had been damaged since the beginning of the war.

Dhearbhaigh an tUacharán Zelensky chomh maiith gur maraíodh 167 leanbh, agus go ndearnadh damáiste do 927 institiúid oideachais agus 258 ospidéal ó thús an chogaidh.

Finally, he said that a new relationship had been established between Ireland and Ukraine.

Mar chríoch, dúirt sé go raibh caidreamh nua bunaithe idir Éire agus an Úcráin.

“I am grateful to Ireland.

“Tá mé buíoch d’Éirinn.

Slava Ukraini! (Glory to Ukraine!) “He said.

Slava Ukraini! (Glóir don Úcráin!)” a dúirt sé.

The crowd stood and applauded.

Sheas an slua agus thug bualadh bos dó.

Taoiseach Micheál Martin thanked Volodymyr Zelensky for his address and promised that Ireland would stand with Ukraine in the future.

Ghabh an Taoiseach Micheál Martin buíochas do Volodymyr Zelensky as a aitheasc agus gheall sé go seasfadh Éire leis an Úcráin feasta choíche.

Dáil Éireann: historic address by the President of Ukraine

Dáil Éireann: aitheasc stairiúil Uachtarán na hÚcráine

Leave a Reply