20210803_IRISH_beirt_maraithe_i_dtimpiste_bhothair_i_gcorcaigh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ydk6ayuz

Two killed in Cork road accident.

Beirt maraithe i dtimpiste bhóthair i gCorcaigh.

Two people were killed in a road accident in Cork today when a Bus Éireann vehicle went out of control.

Maraíodh beirt i dtimpiste bhóthair i gCorcaigh inniu nuair a d’imigh feithicil de chuid Bhus Éireann as smacht.

He hit pedestrians and parked cars.

Bhuail sé coisí agus gluaisteáin a bhí páirceáilte.

The incident took place in Monkstown in Cork Harbor at lunchtime.

Tharla an eachtra i mBaile an Mhanaigh i gCuan Chorcaí ag am lóin.

It was confirmed at the scene of the crash that two were missing: the bus driver and the pedestrian, a local man.

Deimhníodh ar láthair na timpiste go raibh beirt caillte: tiománaí an bhus agus an coisí, gur fhear ón gceantar áitiúil é.

The bus was heading towards Cork City at the time of the accident.

Bhí an bus ag dul i dtreo Chathair Chorcaí nuair a tharla an timpiste.

None of the passengers on board the bus were injured but are understood to be upset.

Níor gortaíodh aon duine de na paisinéirí a bhí ar bord an bhus ach tuigtear go bhfuil siad trína chéile.

Traffic is diverted in the area and the Gardaí are conducting a technical inspection at the scene of the accident.

Tá an trácht ar mhalairt slí sa gceantar agus tá na Gardaí ag déanamh scrúdaithe teicniúla ar láthair na timpiste.

Leave a Reply