20210801_IRISH_ceadofar_40,000_duine_sa_lucht_feachana_i_bpairc_an_chrocaigh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ye88jhww

An audience of 40,000 will be allowed in Croke Park.

Ceadófar 40,000 duine sa lucht féachana i bPáirc an Chrócaigh.

It has been confirmed that the number of people who can attend major games is set to rise in the coming months.

Tá sé deimhnithe go bhfuil ardú le teacht ar líon na ndaoine gur féidir leo freastal ar chluichí móra tábhachtacha sna míonna amach romhainn.

In Croke Park, 40,000 people will be allowed to attend the football and hurling finals at the end of August.

I bPáirc an Chrócaigh, beidh cead ag 40,000 duine a bheith i láthair ag cluichí ceannais na peile agus na hiománaíochta ag deireadh mhí Lúnasa.

The hurling will take place on 22 August and the football will take place on 29 August.

Beidh an iománaíocht ar siúl ar 22 Lúnasa agus beidh an pheil ar siúl ar 29 Lúnasa.

24,000 people will be allowed at the semi-finals, which will take place from next weekend.

Ceadófar 24,000 duine ag na cluichí leathcheannais, a bheas ar siúl ón deireadh seachtaine seo chugainn.

Meanwhile, 25,000 people will be admitted to the Aviva Stadium at the qualifying matches for the World Cup.

Idir an dá linn, ceadófar 25,000 duine i Staid Aviva ag na cluichí cáilithe don Chorn Domhanda.

The Republic of Ireland will play against Azerbaijan on 4 September and against Serbia on 7 September.

Beidh Poblacht na hÉireann ag imirt i gcoinne na hAsarbaiseáine ar 4 Meán Fómhair agus i gcoinne na Seirbia ar 7 Méan Fómhair.

This announcement comes on the heels of a series of meetings between the government and sports organizations, about increasing its audience at live events.

Tagann an fógra seo sna sála ar shraith cruinnithe a bhí idir an rialtas agus eagraíochtaí spóirt, maidir lena lucht féachana a mhéadú ag imeachtaí beo.

The Minister of State with responsibility for sport, Jack Chambers, said today that he is delighted to announce this.

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as cúrsaí spóirt, Jack Chambers, inniu go bhfuil ríméad air an scéal seo a fhógairt.

It is a reflection, he said, of the progress that this country has made in controlling the spread of Covid 19.

Is léiriú é, a dúirt sé, ar an dul chun cinn atá déanta ag an tír seo ó thaobh smacht a fháil ar leathadh Covid 19.

Leave a Reply