20210728_IRISH_daoine_oga_idir_17-16_in_ann_claru_don_vacsain_o_inniu



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yehuqc2t

Young people aged 17-16 can register for the vaccine from today.

Daoine óga idir 17-16 in ann clárú don vacsaín ó inniu.

Young people between the ages of sixteen and seventeen can register online today for the Covid-19 vaccine.

Tá daoine óga idir sé bliana déag agus seacht mbliana déag in ann clárú ar líne ó inniu don vacsaín covid 19.

Public health experts are urging everyone in this age group to get the vaccine as the Delta variant of the coronavirus is spreading rapidly among young people.

Tá saineolaithe sláinte poiblí ag achainí ar gach duine san aoisghrúpa seo an vacsaín a fháil ó tharla go bhfuil an t- athraitheach Deilte ar an gcoróinvíreas ag scaipeadh go tréan i measc daoine óga.

Health Service Executive leader Paul Reid said teenagers had been hard at work since the start of the pandemic and should be proud of how they coped with it.

Dúirt ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid go raibh crua curtha orthu féin ag déagóirí ó thús na paindéime agus gur cheart a bheith bródúil as an gcaoi a ndeachaigh siad i ngleic léi.

He indicated that the aim is to bring the vaccine to young people between the ages of sixteen and seventeen alive.

Thug sé le fios go bhfuil sé mar aidhm an vacsaín a thabhairt do dhaoine óga idir sé bliana déag agus seacht mbliana déag go beo.

1,345 new Covid-19 cases were recorded in the State yesterday of which 87% were people aged 45 years and under.

Taifeadadh 1,345 cás nua covid 19 sa Stát inné agus ba dhaoine 45 bliain agus faoina bhun sin 87 faoin gcéad acu.

Last night, 141 people with Covid-19 were in hospitals and 25 were in intensive care units.

Aréir, bhí 141 duine le covid 19 in ospidéil agus bhi 25 acu in aonaid dianchúraim.

Chief Medical Officer Dr Tony Holohan said the number of Covid-19 cases is high in many counties and the number of people admitted to hospital has risen significantly in two weeks.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan go bhfuil an líon cásanna covid 19 ard in a lán contaetha agus go bhfuil ardú suntasach tagtha le coicís ar an líon daoine a cuireadh in ospidéil.

Leave a Reply