20210424_IRISH_m.w.b._sasta_le_scrudu_foireinseach_ar_shuiomh_bessborough



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ydpmrrh9

MWB

M.W.B.

satisfied with forensic examination of Bessborough site.

sásta le scrúdú fóiréinseach ar shuíomh Bessborough.

Property developer MWB Two Ltd has stated that it is satisfied that the Bessborough site in Cork City will undergo a proper forensic examination.

Tá sé ráite ag an bhforbróir maoine, M.W.B Two Ltd go bhfuil sé sásta go ndéanfaí scrudú fóiréinseach cuí ar shuíomh Bessborough i gCathair Chorcaí.

The developer issued a memorandum on the conditions proposed by Cork City Council at today’s An Bord Pleanála oral hearing.

D’eisigh an forbróir meamram maidir leis na coinníollacha a mhol Comhairle Cathrach Chorcaí ag an éisteacht béil de chuid An Bhoird Pleanála inniu.

An Bord Pleanála held a hearing on a Planning Application for the construction of apartments on the Bessborough site, the site which housed the maternity and infant home from the 1920s-90s.

Reachtáil an Bord Pleanála éisteacht maidir le hIarratas Pleanála le hárasáin a thógáil ar shuíomh Bessborough, an suíomh ar a raibh an t-áras do mháithreacha agus naíonáin óna 1920idí-90idí.

MWB Two Ltd is seeking planning permission to build 179 apartments on the site.

Tá MWB Two Ltd ag lorg an chead pleanála chun 179 árásán a thógáil ar an láthair.

According to the report of the Commission of Inquiry into Maternal and Infant Homes, 923 children died in Bessborough.

De réir thuarascáil an Choimisiúin Imscrúdúcháin faoi Árais Mháithreacha agus Naíonáin, 923 leanbh a bhásaigh i Bessborough.

The oral hearing organized by An Bord Pleanála to discuss the body ‘s application, and the Public’ s submissions in relation to the application, began this week.

Cuireadh tús an tseachtain seo leis an éisteacht ó bhéal a d’eagraigh an Bord Pleanála chun iarratas an chomhlachta, agus aighneachtaí an Phobail maidir leis an iarratas a phlé.

David Holland SC, counsel for the applicant, stated that if remains were found in an in situ cemetery, the development would not be able to proceed on that land.

Dúirt David Holland SC, abhcóide thar ceann an iarrthóra, dá n-aimseofaí taisí i reilig in situ, nach mbeadh an fhorbairt in ann dul ar aghaidh ar an talamh sin.

He described various scenarios in which the development could proceed, in conjunction with the conditions set out.

Dhein sé cur síos ar chásanna éagsúla a mbeadh an fhorbairt in ann dul ar aghaidh, i gcomhar leis na coinníollacha atá leagtha amach.

It is hoped that a decision on the application will be taken by 25 May.

Ta súil go nglacfar cinneadh ar an iarratas faoin 25 Bealtaine.

Leave a Reply