20210402_IRISH_dli_a_bhagairt_ar_stormont_faoin_mhoill_le_straiteis_don_ghaeilge



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yzuawb5a

Stormont threatened law over delay for Irish Language Strategy.

Dlí á bhagairt ar Stormont faoin mhoill le Straitéis don Ghaeilge.

Conradh na Gaeilge is threatening the law with the Northern Ireland Executive over the delay in implementing a Strategy for the Irish Language in the north.

Tá an dlí á bhagairt ag Conradh na Gaeilge ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann mar gheall ar an mhoill i gcur i bhfeidhm Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh.

“The step was taken as a result of a High Court ruling that has not been implemented by the Executive,” says solicitor Mícheál Ó Flannagáin.

“Glacadh an chéim dá bharr rialú ArdChúirte nach bhfuil curtha i bhfeidhm ag an Fheidhmeannas,” a deir an t-aturnae Mícheál Ó Flannagáin.

The High Court in Belfast ruled in 2017 that the Executive had failed to comply with the Northern Ireland Act 1998 by failing to implement a Strategy for the Irish Language (2015-2035) promised in the St Andrews Agreement in 2006 and the Executive’s Program for Government 2011-2015 .

Rialaigh an ArdChúirt i mBéal Feirste in 2017 gur theip ar an Fheidhmeannas Acht Thuaisceart Éireann 1998 a chomhlíonadh nuair nár chuir siad i bhfeidhm Straitéis don Ghaeilge (2015-2035) a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006 agus i gClár Rialtais an Fheidhmeannais 2011-2015.

The President of Conradh na Gaeilge, Dr Niall Comer, said that Conradh na Gaeilge does not want to take a court case again “but it will be done if the commitments made to the Irish language community are not immediately adhered to,” he said.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr Niall Comer nach bhfuil Conradh na Gaeilge ag iarraidh cás cúirte a thógáil arís “…ach déanfar é mura gcloítear leis na coimitmintí a tugadh do phobal na Gaeilge láithreach bonn,” a dúirt sé.

A timescale for a language strategy promised in the ‘New Era New Approach’ Agreement in January 2020 has not been published.

Níl amscála foilsithe do straitéis teanga a gealladh i gComhaontú ‘Ré Nua Cur Chuige Nua’ in Eanáir 2020.

“We understand that attempts have been made over the past year to put this on the Executive ‘s agenda, but that those efforts have been thwarted,” says Conchúr Ó Muadaigh from.

“Tuigtear dúinn go raibh iarrachtaí déanta le bliain anuas seo a chur ar chlár oibre an Fheidhmeannais, ach gur cuireadh cosc ar na hiarrachtaí sin,” a deir Conchúr Ó Muadaigh ó Chonradh na Gaeilge.

Leave a Reply