20210323_IRISH_caithfear_an_slabhra_solathair_a_choinneail_ag_gluaiseacht



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ygr93sdk

“Supply chain needs to keep moving”.

“Caithfear an slabhra soláthair a choinneáil ag gluaiseacht”.

Taoiseach Micheál Martin said the European Union should not block the shipping of Covid-19 vaccines to other countries.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nár cheart don Aontas Eorpach bac a chur ar vacsaíní covid 19 a sheoladh go tíortha eile.

Keeping the supply chain moving is crucial, he said.

Tá sé fíorthábhachtach, a dúirt sé, an slabhra soláthair a choinneáil ag gluaiseacht.

He pointed out that if such an obstacle existed it would be a step backwards and would ultimately do more harm than good.

Thug sé le fios dá mbeadh a leithéid de bhac ann gur céim ar gcúl a bheadh ann agus gur mó dochar ná maitheas a dhéanfadh sé ar deireadh.

The Taoiseach was commenting on reports that the European Union intended to ban the delivery of vaccines from a factory in the Netherlands to Britain.

Ag trácht a bhí an Taoiseach ar thuairiscí go raibh rún ag an Aontas Eorpach cosc a chur ar vacsaíní ó mhonarcha san Ísilítr a sheachadadh go dtí an Bhreatain.

Speaking on RTÉ, Micheál Martin said that the Union and Britain should swap supplies.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt Micheál Martin gur chóir don Aontas agus don Bhreatain soláthairtí a mhalartú le chéile.

He said, however, that although vaccines had been shipped from the Union to Britain nothing had yet returned from the other side.

Dúirt sé, áfach, cé go raibh vacsaíní seolta ón Aontas chun na Breataine nach raibh tada tagtha ar ais ón taobh eile fós.

It is time to accept that, he said, and to resign.

Tá sé thar am glacadh leis sin, a dúirt sé, agus éirí as an liútar éatar.

The Taoiseach also stated that AstraZeneca is not complying with its contract with the European Union in terms of supplies.

Mhaígh an Taoiseach freisin nach bhfuil AstraZeneca ag cloí leis an gconradh a rinne siad leis an Aontas Eorpach ó thaobh soláthairtí de.

However, he said that obstacles should not be put in the way of the supply of vaccines as this could interfere with the work of other bodies such as Moderna, Johnson.

Mar sín féin, a dúirt sé, níor cheart constaicí a chur sa bhealach ar sholáthar vacsaíní mar go bhféadfadh sin baint den obair atá ar bun ag comhlachtaí eile fearacht Moderna, Johnson & Johnson agus Pfizer.

Leave a Reply