20201028_IRISH_09_25



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y3gb5vmg

“Unlock.”

“Díghlasái.”

Irish language heritage is a source of happiness.

oidhreachta Gaeilge ina húdar sonais.

Northwest Reporter The Ulster Folk Museum in Cooltra, Co Down, is digitizing audio recordings taken from native Ulster Irish speakers.

Tuairisceoir an Iarthuaiscirt Tá taifeadtaí fuaime a tógadh ó chainteoirí dúchais Ghaeilge Uladh á ndigitiú ag lucht Iarsmalann Daonchultúir Uladh i gCúl Trá, Co an Dúin.

“Unlock our Sound Heritage.”

“Díghlasáil ár nOidhreacht Fuaim.”

is the title of the major project which aims to digitize over 5,000 items – including reels, audiocassettes and CDs.

is teideal don mhórthionscadal a bhfuil sé mar aidhm aige os cionn 5,000 mír a dhigitiú – idir spóil, chloschaiséid agus dhlúthcheirníní.

The project began in 2018 and the team behind it hope to have it ready by September next year.

Cuireadh tús leis an tionscadal sa bhliain 2018 agus tá súil ag an fhoireann atá ina bhun go mbeidh sé réidh faoi Mheán Fómhair na bliana seo chugainn.

Most of the items were already from the museum’s collection in Cooltra, but many of them were also preserved in other institutions in this country, Scotland and the Isle of Man.

As an bhailiúchán a bhí san iarsmalann i gCúl Trá cheana féin an chuid is mó de na míreanna, ach in institiúidí eile sa tír seo, in Albain agus i Manainn a bhí cuid mhaith díobh á gcaomhnú fosta.

The items contain material from traditional Irish speakers in Donegal – from Cloich Cionnaola, Gaoth Dobhair, Gleann Bhairr, and Clonmain and Erris in Inishowen.

Tá ábhar sna míreanna ó chainteoirí Gaeilge traidisiúnta i nDún na Gall – idir Cloich Chionnaola, Gaoth Dobhair, Gleann Bhairr, agus Cluain Máine agus Iorras in Inis Eoghain.

They also include material from speakers from Rathlin off the coast of Antrim.

Tá ábhar ó chainteoirí as Reachlainn amach ó chósta Aontroma ina measc chomh maith.

Project Manager Donal McAnallen said: “Some of the collection that we are currently digitizing came from institutions such as the Antrim Valleys History Committee and other museums.

Is é Dónal McAnallen an Bainisteoir Tionscadail: “Tháinig cuid den bhailiúchán atá muid a dhigitiú faoi láthair ó institiúidí mar Choiste Staire Ghlinntí Aontroma agus iarsmalanna eile.

Historians, experts, curators, university lecturers, community groups etc. who collected the material …

Staraithe, saineolaithe, coimeádaithe, léachtóirí ollscoile, grúpaí pobail agus araile a bhailigh an t-ábhar …

since the 1950s, and much of this stuff has not been heard for years – much of it has not been heard since it was recorded fifty years ago.

ó na 1950idí i leith, agus níor chualathas cuid mhór den stuif seo le blianta – cuid mhaith de nár chualathas ón am a taifeadadh é caoga bliain ó shin.

We intend to leave a legacy that will allow people to view and play clips online and come in and listen to them on the spot in the museum. ”

Tá sé i gceist againn oidhreacht a fhágáil go mbeidh daoine ábalta gearrthóga a fheiceáil agus a sheinm ar líne agus teacht isteach anseo agus éisteacht leo ar an láthair san iarsmalann.”

Donal received a special gift a few weeks ago, when a number of boxes were brought over from the Isle of Man.

Fuair Dónal bronntanas speisialta roinnt seachtainí ó shin, nuair a tugadh roinnt boscaí anall ó Mhanainn chucu.

This is a collection from Eiraght Ashoonagh Vannin – The National Heritage of Man: “Two weeks ago, we were fortunate to receive a collection of 600 items – audiocassettes, reels and CDs from the National Heritage of Man.

Bailiúchán as Eiraght Ashoonagh Vannin – Oidhreacht Náisiúnta Mhanann – atá san ábhar seo: “Coicís ó shin, bhí an t-ádh orainn go bhfuair muid bailiúchán ina bhfuil 600 mír – closchaiséid, spóil agus dlúthcheirníní ó Oidhreacht Náisiúnta Mhanann.

Two of them came here with the collection and there are recordings as far back as 1909.

Tháinig beirt acu anseo leis an bhailiúchán agus tá taifeadtaí ann chomh fada siar le 1909.

There are many Manx speakers, many stories about the TT races and the history of that island. ”

Tá cuid mhór cainteoirí Manainnise ann, cuid mhór scéalta faoi na rásaí TT agus faoi stair an oileáin sin.”

The digitization of Isle of Man material is being funded by the British National Lottery Fund and led by the British Library, but will be carried out in Cooltra.

Le maoiniú ó Chiste Chrannchur Náisiúnta na Breataine agus faoi stiúir Leabharlann na Breataine atá an digitiú á dhéanamh ar ábhar Oileán Mhanann, ach is i gCúl Trá a dhéanfar an obair.

Dónal has a personal connection with one of the people in the archive: “I found out when I started in this post that there is a recording of my own grandfather playing the fiddle here – Charlie O’Neill from the Letterbeare area of Dun na na nGall.

Tá ceangal pearsanta ag Dónal le duine de na daoine atá sa chartlann: “Fuair mé amach nuair a thoisigh mé sa phost seo go bhfuil taifeadadh de mo sheanathair féin ag seinm ar an fhidil anseo – Charlie O’Neill as ceantar Leitir Beara i nDún na nGall.

Her aunt is playing the harps and my cousin is playing the harps and my uncle is playing the fiddle! That reflects the personal connections contained in this collection.

Tá a aintín ag seinm na cláirsí agus mo chol ceathrar ag seinm na cláirsí agus m’uncail ag seinm na fidile! Léiríonn sin na nascanna pearsanta atá sa bhailiúchán seo.

Music curator Janet Harbison recorded that music from four of my own people in the mid – 1980s. ”

Thaifead an coimeádaí ceoil Janet Harbison an ceol sin ó cheathrar de mo mhuintir féin i lár na 1980idí.”

Today, October 27, is World Audiovisual Heritage Day.

Is é inniu, 27 Deireadh Fómhair, Lá Domhanda na hOidhreachta Closamhairc.

Leave a Reply