20220625_IRISH_taispeantas_faoin_gcogadh_cathartha_sna_ceithre_cuirteanna



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/29q2ab9r

Contact: irishlingos@gmail.com

An exhibition about the Civil War in the Four Courts.

Taispeántas faoin gCogadh Cathartha sna Ceithre Cúirteanna.

On June 28, 1922, the Civil War broke out when the IRA’s anti – treaty forces were attacked by temporary government forces.

Ar an 28 Meitheamh 1922, cuireadh tús leis an gCogadh Cathartha nuair a rinne fórsaí an rialtais shealadaigh ionsaí ar fhórsaí frithchonartha an IRA.

The anti-contract forces had been stationed in the Four Courts in Dublin since the previous April and had control of the place.

Bhí na fórsaí frithchonartha curtha fúthu sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath ón Aibreán roimhe sin agus smacht acu ar an áit.

An exhibition with a digital app was launched in the Four Courts today to commemorate that fateful battle.

Seoladh taispeántas a bhfuil aip dhigiteach ag dul leis sna Ceithre Cúirteanna inniu chun comóradh a dhéanamh ar an gcath cinniúnach úd.

Dublin-based historian Lorcan Collins is best known for setting up The 1916 Walking Rebellion Tour, and says it is impossible to say whether it was right: “Michael Collins only had six weeks to negotiate with Lloyd George, who was British Prime Minister at the time.

Tá cáil ar an staraí Lorcan Collins i mBaile Átha Cliath faoin turas treoraithe The 1916 Walking Rebellion Tour a bhunú, agus dar leis nach féidir a mhaíomh cé acu an raibh an ceart: “Ní raibh ach sé seachtaine ag Michael Collins chun idirbheartaíocht a dhéanamh le Lloyd George, a bhí mar Phríomh-Aire na Breataine ag an am.

He was under terrible pressure.

Bhí brú uafásach air.

“When you think about it, they had six years to negotiate Britain’s exit from the European Union, and yet, they made a mess of it.

“Nuair a smaoiníonn tú air, bhí sé bliana acu chun idirbheartaíocht a dhéanamh ar imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach, agus fós féin, rinne siad praiseach de.

“When Henry Wilson was killed in London,” said Lorcan Collins, “that angered Lloyd George and Churchill and it was believed that Michael Collins had given the order to kill Wilson.

“Nuair a maraíodh Henry Wilson i Londain,” a dúirt Lorcan Collins, “chuir sin fearg ar Lloyd George agus Churchill agus bhíothas den tuairim gurbh é Michael Collins a thug an t-ordú chun Wilson a mharú.

“So Britain ordered the provisional government in Ireland to abolish the IRA in the Four Courts.”

“Mar sin, thug an Bhreatain ordú don rialtas sealadach in Éirinn lucht an IRA sna Ceithre Cúirteanna a dhíothú.”

On 28 June 1922, the Four Courts were attacked and the battle lasted for 60 hours until the IRA surrendered.

Ar 28 Meitheamh 1922, rinneadh ionsaí ar na Ceithre Cúirteanna agus mhair an cath go ceann 60 uair an chloig go dtí gur ghéill an an tIRA.

Although not many people were injured during the conflict, the Public Records Office was destroyed.

Cé nár gortaíodh mórán daoine le linn na caismirte, scriosadh Oifig na dTaifead Poiblí.

“Thousands were killed during the Civil War,” said Professor Paul Rouse of the School of History at University College Dublin, “and it has fostered a great division among the people that is still to be found in the political life of the country.”

“Maraíodh na mílte i rith an Chogaidh Chathartha,” a dúirt an tOllamh Paul Rouse ón Scoil Staire sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, “agus chothaigh sé deighilt mhór i measc an phobail atá fós le brath ar shaol polaitiúil na tíre.”

Guided tours of the Four Courts are available as part of the exhibition.

Tá turais treoraithe timpeall na gCeithre Cúirteanna ar fáil mar chuid den taispeántas.

They can be booked online in advance.

Is féidir iad a chur in áirithe ar líne roimh ré.

A tour in Irish will take place tomorrow evening at 1:30.

Beidh turas i Gaeilge ar siúl tráthnóna amárach ag 1:30.

The app related to the demo is available in the Apple Store and Google Store.

Tá an aip a bhaineann leis an taispeántas ar fáil in Apple Store agus Google Store.

The Four Courts (Pic: National Library of Ireland)

Na Ceithre Cúirteanna (Pic: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann)

Leave a Reply