20220220_IRISH_8,000_fos_gan_leictreachtas_i_dtri_chontae



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y7m9orm7

8,000 still without electricity in three counties.

8,000 fós gan leictreachtas i dtrí chontae.

An overnight ESB team worked hard to reconnect the latest 8,000 customers.

Bhí meithle oibre ón BSL ar a ndícheall tar oíche féachaint leis na 8,000 custaiméir is deireanaí a cheangal den ghréasán arís.

Due to the installation of poles in some areas and the extent of damage to a number of power lines, power will be restored later in some areas in Kerry, Cork and Enniscorthy in County Wexford later today.

De bharr chuaillí bheith leagtha in áiteanna agus an méid dochair a rinneadh do roinnt líne cumhachta, is níos deireanaí inniu a bheidh an chumhacht ar ais i roinnt áiteanna i gCiarraí, i gCorcaigh agus in Inis Corthaigh i gContae Loch Garman.

Storm Eunice left a total of 80,000 customers without electricity due to sheets over 130km / h yesterday. Meanwhile, the Yellow Status snow and ice alert ended at 10:00 today.

San iomlán d’ffhág Stoirm Eunice 80,000 custaiméir gan leictreachas de bharr na siotaí os cionn 130km/uair inné Idir an dá linn, tháinig deireadh leis an bhfoláireamh sneachta agus oighir Stádas Buí ar a 10:00 inniu.

Authorities have warned road users to be dangerous due to frost and snow in some areas this morning.

Chuir na húdaráís fainic ar dhaoine faoi bhóithre bheith contúirteach de bharr seaca agus sneachta in áiteanna ar maidin.

Another weather warning has now been issued, the Yellow Status rain warning for Mayo, Leitrim, Sligo and Donegal, which will run from 16:00 pm until the same time tomorrow.

Tá foláireamh eile aimsire eisithe anois, foláireamh báistí Stádas Buí do Mhaigh Eo, Liatroim,Sligeadh agus Dún na nGall, a bheidh i bhfeidhm ó 16:00 tráthnóna go dtí an t-am céanna amárach.

Met Éireann says heavy and persistent rain could cause localized flooding.

Deir Met Éireann go bhféadfadh sé go mbeidh tuilte áitiúla ann de bharr bháisteach throm agus sheasta.

Local council workers are clearing debris from many locations around the country.

Tá oibrithe comhairlí áitiúla ag glanadh an smionagair as láithreacha go leor ar fud na tíre.

It is hoped that transport services will not be delayed or canceled today.

Táthar ag súil nach mbeidh a thuilleadh moille ná cealú á dhéanamh ar sheirbhísí iompair inniu.

Leave a Reply