20210127_Fearg ar chógaiseoirí faoi “neamhshuim a bheith á déanamh iontu.



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y279baxt

Pharmacists angry about “being ignored”.

Fearg ar chógaiseoirí faoi “neamhshuim a bheith á déanamh iontu”.

Pharmacists claim that they are being ignored by the Health Service Executive in vaccinating people over 70 against Covid-19.

Tá sé á mhaíomh ag cógaiseoirí go bhfuil neamhshuim á déanamh ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte iontu maidir le daoine os cionn 70 bliain a vacsaíniú in aghaidh covid 19.

The Pharmaceutical Union of Ireland says it has not received a written explanation for GPs only administering the vaccine to people over 70.

Deir Aontas Cógaiseoirí na hÉireann nach bhfuil míniú i scríbhinn faighte acu faoi gur dochtúirí teaghlaigh amháin atá ag tabhairt na vacsaíne do dhaoine os cionn 70.

Darragh O’Loughlin of the Union argues that there is no clinical reason for this decision.

Maíonn Darragh OLoughlin ón Aontas nach bhfuil aon chúis chliniciúil leis an gcinneadh seo.

Pharmacists have been vaccinating people over 70 against the flu every year for more than a decade without any complications, he said.

Tá cógaiseoirí ag vacsaíniú daoine os cionn 70 in aghaidh an fhliú gach bliain le breis agus deich mbliana gan aon deacrachtaí, a dúirt sé.

He also said that pharmacists were not given any information about when they and other pharmacy workers will be vaccinated, despite being an important part of the national vaccination program.

Dúirt sé freisin nár tugadh aon eolas do chósgaiseoirí faoi cathain a dhéanfar vacsaíniú orthu féin agus ar oibrithe eile i gcógsaslanna, ainneoin gur cuid thábhachtach den chlár náisiúnta vacsaínithe iad.

It was announced yesterday that GPs will give the AstraZeneca vaccine to people over 85 from the middle of next month onwards.

Fógraíodh inné go dtabharfaidh dochtúirí teaghlaigh an vacsaín AstraZeneca do dhaoine os cionn 85 ó lár na míosa seo chugainn ar aghaidh.

Doctors will then give the vaccine to people aged 80-84, 75-79 and 70-74 respectively.

Tabharfaidh na dochtúirí an vacsaín ina dhiaidh sin do dhaoine idir 80-84, 75-79 agus 70-74 faoi seach.

Leave a Reply