20210128_Fiosrúchán dúnmharaithe faoi bhás ógánaigh i mBaile Átha Cliath.



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yxgdgefq

Murder inquiry into death of a juvenile in Dublin.

Fiosrúchán dúnmharaithe faoi bhás ógánaigh i mBaile Átha Cliath.

Gardaí investigating the murder of a juvenile in Dublin say they now have a good idea of what happened.

Deir na Gardaí a bhfuil marú ógánaigh i mBaile Átha Cliath á fhiosrú acu go bhfuil barúil mhaith acu anois faoi céard a tharla.

Sixteen-year-old Josh Dunne was stabbed and killed in the Eastport downtown area at around 9.20 last night.

Sádh agus maraíodh Josh Dunne, a bhí sé bliana déag daois, i gceantar an Phoirt Thoir i lár na cathrach ag thart ar 9.20 aréir.

He was stabbed on the East Road during a confrontation between two gangs over a bicycle said to have been stolen.

Sádh é ar an mBóthar Thoir le linn achrainn idir dhá bhuíon faoi rothar a deirtear a goideadh.

A man is said to have stolen the bicycle and a slum occurred when two different gangs tried to intervene in the affair.

Deirtear gur ghoid fear an rothar agus gur tharla scliúchas nuair a rinne dhá bhuíon éagsúla iarracht idirghabháil a dhéanamh sa scéal.

Two others were seriously injured in the incident, another sixteen-year-old boy and a 23-year-old man.

Gortaíodh beirt eile go dona san eachtra, buachaill eile sé bliana déag agus fear 23 bliain.

They are being treated at the Mater Hospital.

Tá cóir leighis á cur orthu in Ospidéal an Mater.

It is understood that the boy was stabbed in the chest.

Tuigtear gur sádh an buachaill sa chliabhrach.

Josh Dunne was treated at the scene by hospitalization and taken to Mater Hospital, where he was pronounced dead.

Chuir lucht otharlainne cóir leighis ar Josh Dunne ar an láthair agus tugadh chuig Ospidéal an Mater é, mar ar fógraíodh go raibh sé básaithe.

Josh Dunne was from Ballymun, an underage soccer player with the Bohemians association.

Bas Baile Munna Josh Dunne, ar imreoir sacair faoi aois le cumann Bohemians é.

In a statement, Bohemians said they are deeply upset about his killing.

I ráiteas, dúirt Bohemians go bhfuil siad go mór trína chéile faoina mharú.

Gardaí have set up a murder investigation at Store Street station and are examining the area with a drone.

Tá fiosrúchán dúnmharaithe bunaithe ag na Gardaí i stáisiún Shráid an Stórais agus tá an limistéar á scrúdú acu le drón.

They also want to find everyone who was involved in or witnessed the confrontation.

Tá siad ag iarraidh chomh maith teacht ar gach duine a bhí páirteach san achrann nó a chonaic é.

Leave a Reply