20210127_Daoine i Liatroim ag lorg cúitimh de bharr sciorradh portaigh.



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y2j6a5su

People in Leitrim seeking compensation for bog slippage.

Daoine i Liatroim ag lorg cúitimh de bharr sciorradh portaigh.

Multimedia Journalist The State has not yet decided to provide compensation to those affected by a bog landslide that occurred at Sessock Hill in Co Leitrim in June last year, when some 160,000 tonnes of peat was cut. land.

Iriseoir Ilmheán Níl cinneadh déanta ag an Stát fós faoi chúiteamh a chur ar fáil do dhaoine atá thíos leis mar gheall ar sciorradh portaigh a tharla ag Cnoc an tSeasa i gCo Liatroma i mí an Mheithimh anuraidh, tráth a leath 160,000 tonna móna ar gcuid talaimh.

Irish Farmers’ Association told RTÉ / TG4 News that farmers were not to blame for the incident and that their income should not be hit as a result.

Dúirt Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann le Nuacht RTÉ/TG4 nach ar fheirmeoirí a bhí an locht faoin eachtra agus nár cheart go mbeadh a dteacht isteach buailte dá bharr.

Farmers are seeking compensation for maintenance works and for grazing loss, the organization said.

Tá cúiteamh á lorg ag na feirmeoirí faoi choinne oibreacha cothabhála agus mar gheall ar chaillteanas féaraigh, a dúirt an eagraíocht.

On 28 June last year, 160,000 tonnes of peat slipped down from Mount Shea into the River Duff and half the peat over 106 acres of land near Drumkeeran.

Ar 28 Meitheamh anuraidh, sciorr 160,000 tonna móna anuas ó Chnoc an tSeasa isteach in Abhainn na Duifeachrach agus leath an mhóin thar 106 acra talún in aice le Droim Caorthainn.

At the time, people were forced to leave their homes and about a score of farmers have not been able to use some land since then due to the peat bog.

Ag an am, b’éigean do dhaoine a dtithe a fhágáil agus ní féidir le thart ar scór feirmeoirí leas a bhaint as roinnt talaimh ó shin de bharr na maidhme móna.

The landslide occurred after a few days of torrential downpour.

Tharla an sciorradh i ndiaidh cúpla lá de dhíle fearthainne a raibh triomach roimpi.

A report by RPS Consulting consultants on the incident states that there is a real risk of a recurrence in the area but the Department of Housing, Local Government and Heritage believes that Leitrim County Council has worked hard for a number of months to reduce the risk. mitigation.

Deirtear i dtuarascáil a rinne comhairleoirí RPS Consulting faoin eachtra go bhfuil an-bhaol ann go dtarlóidh a leithéid arís sa cheantar ach dar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta go bhfuil obair mhór déanta ag Comhairle Chontae Liatroma le roinnt míonna leis an chontúirt a mhaolú.

The root cause of the slip was not confirmed in the consultants’ report but further research on the issue is planned by a technical steering group chaired by Minister of State at the Department of Heritage Malcolm Noonan.

Níor dearbhaíodh bunchúis an sciorrtha i dtuarascáil na gcomhairleoirí ach tá tuilleadh taighde ar an cheist beartaithe ag grúpa stiúrtha teicniúil faoi chaothaoirleacht an Aire Stáit sa Roinn Oidhreachta Malcolm Noonan.

A working group is discussing the issue with the technical steering group looking at possible maintenance work on the affected land.

Tá grúpa oibre ag plé leis an cheist in éineacht leis an ghrúpa stiúrtha teicniúil agus iad ag féachaint ar obair chothabhála a dfhéadfaí a dhéanamh ar an talamh atá buailte.

A new dam is among the works carried out by Leitrim County Council to mitigate the danger.

Tá damba nua i measc na n-oibreacha atá déanta ag Comhairle Chontae Liatroma leis an chontúirt a mhaolú.

The RPS Consulting report states that it would cost the State between € 316,000- € 530,000 to purchase the affected land and it would cost seven times that, between € 3- € 4 million, to move all the peat.

Deirtear i dtuarascáil RPS Consulting go mbeadh costas idir €316,000- €530,000 ar an Stát leis an talamh atá buailte a cheannach agus go gcosnódh sé seacht n-oiread sin, idir €3- €4 mhilliún, leis an mhóin uile a bhogadh.

In a statement, the Department of Housing, Local Government and Heritage said no decision had been made to purchase the land or compensate landowners.

I ráiteas, dúirt an Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacha nach bhfuil cinneadh déanta faoin talamh a cheannacht nó faoi chúiteamh d’uinéirí talún.

The Department says it is looking at all the options available to it for improving the land and is looking to determine the root cause of the bog slip.

Deir an Roinn go bhfuil siad le féachaint ar na roghanna uile atá ar fáil dóibh i dtaca le feabhas a chur ar an talamh agus go bhfuil siad ag féachaint le bunchúis an sciorrtha portaigh a dheimhniú.

Leitrim County Council carries out monthly water quality tests in the River Duffery and Lough Allen.

Tá Comhairle Chontae Liatroma i mbun tastálacha míosúla ar chaighdeán an uisce in Abhainn na Duifeachrach agus i Loch Aillionn.

Leave a Reply