20210126_”Ní turas riachtanach é turas chuig an aerfort le dul ar saoire”.



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y5a3pfzo

“A trip to the airport to go on holiday is not necessary”.

“Ní turas riachtanach é turas chuig an aerfort le dul ar saoire”.

Since January 11, people have been fined 1,500 for making unnecessary trips.

Ó 11 Eanáir, tá 1,500 fineáil gearrtha ar dhaoine as turais nach bhfuil riachtanach a dhéanamh.

The fines were introduced almost two weeks ago.

Tugadh isteach na fineálacha beagnach coicís ó shin.

The Gardaí have warned the public that a trip to the airport or port is not necessary, where a person is going there to go on holiday.

Tá fainic curtha ar an bpobal ag na Gardaí nach turas riachtanach é turas chuig an aerfort nó an calafort, sa gcás go bhfuil duine ag dul ansin le dul ar saoire.

A statement issued by An Garda Síochána today reminded the public that there are checkpoints around the country to support the health authorities in their efforts to combat the spread of Covid 19.

I ráiteas a deisigh an Garda Síochána inniu, chuir siad i gcuimhne don phobal go bhfuil pointí seiceála ar fud na tíre chun tacú leis na húdaráis sláinte ina n-iarrachtaí dul i ngleic le leathadh Covid 19.

They reminded the public once again that they are not allowed to travel more than five kilometers from home and that fitness must also be exercised within those limits.

Chuir siad i gcuimhne don phobal arís nach bhfuil cead acu taistil níos faide ná cúig chiliméadar ón mbaile agus go gcaithfear aclaíocht a ghlacadh taobh istigh de na teorainneacha sin freisin.

They also informed the public in the statement that everyone in a car will be fined for violating the restrictions, not just the driver.

Chuir siad in iúl don phobal sa ráiteas freisin go ngearrfar fineáil ar gach duine i ngluaisteán sa gcás go bhfuil sárú á dhéanamh ar na srianta, ní hamháin an tiománaí.

And that everyone in a cycling or running group, for example, who is outside the five kilometer limit, be fined.

Agus go ngearrfar fineálacha ar gach duine i ngrúpa rothaíochta nó reatha, mar shampla, atá taobh amuigh den teorainn cúig chiliméadar.

Leave a Reply