20210124_Déagóir gafa faoi ionsaí brúidiúil ar bhean.



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y44ujld9

Teenager arrested over brutal assault on woman.

Déagóir gafa faoi ionsaí brúidiúil ar bhean.

Gardaí are questioning a teenager about a brutal attack on a woman in Dublin city center last night.

Tá ógánach á cheistiú ag na Gardaí faoi ionsaí brúidiúil a rinneadh ar bhean i lár chathair Bhaile Átha Cliath arú aréir.

The 40-year-old woman was assaulted and robbed while walking in the Irish Financial Services Center area at around 9.30pm on Wednesday.

Ionsaíodh agus robáileadh an bhean atá os cionn 40 bliain daois agus í ag siúl i gceantar Lárionad Seirbhísí Airgeadais na hÉireann ag thart ar 9.30 oíche Dé Céadaoin.

The woman is very seriously ill in the Mater Hospital.

Tá an bhean an-dona tinn in Ospidéal an Mater.

The juvenile was arrested yesterday and is being questioned at Store Street Garda Station.

Gabhadh an t-ógánach inné agus tá sé á cheistiú i Stáisiún Ghardaí Shráid an Stórais.

This is the second recent attack on a lonely woman in Dublin.

Seo an dara hionsaí ar bhean a bhí ag siúl ina haonar i mBaile Átha Cliath le gairid.

An attack on a woman over the age of 20 in Balbriggan a week ago is being investigated by the Gardaí there.

Tá ionsaí a rinneadh ar bhean os cionn 20 bliain daois i mBaile Brigín seachtain ó shin á fhiosrú ag na Gardaí ansin.

The woman was beaten down under the street, given some leg blows and her clothes cut.

Buaileadh an bhean anuas faoin tsráid, tugadh roinnt buillí cos di agus gearradh a cuid éadaigh.

Gardaí say the woman was assaulted by three teenagers.

Deir na Gardaí gur triúr ógánach a dionsaigh an bhean.

Leave a Reply