20210123_Téarmaí fada príosúin gearrtha ar thriúr Éireannach.



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yye8t583

Three Irishmen face long prison terms.

Téarmaí fada príosúin gearrtha ar thriúr Éireannach.

In a court in England, three Irish men and another man were sentenced to long prison terms for the manslaughter of 39 Vietnamese people who died in a refrigerated truck trailer in Essex in October 2019.

I gcúirt i Sasana, gearradh téarmaí fada príosúin ar thriúr fear Éireannach agus ar fhear eile faoi dhúnorgain 39 duine de bhunadh Vítneam a bhásaigh i leantóir cuisnithe leoraí in Essex i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2019.

Maurice Robinson, 26, of Craigavon, and his foreman Rónán Hughes, 41, of Armagh, pleaded guilty to human trafficking and manslaughter.

Phléadáil Maurice Robinson, 26 bliain, as Craigavon, agus a shaoiste Rónán Hughes, 41 bliain, as Ard Mhacha, ciontach i ngáinneáil ar dhaoine agus i ndúnorgain.

Robinson was also sentenced to thirteen years and four months in prison for pleading guilty to money laundering.

Gearradh téarma príosúin trí bliana déag agus ceithre mhí ar Robinson a phléadáil ciontach chomh maith i sciúradh airgid.

Hughes was sentenced to 20 years.

Téarma 20 bliain a gearradh ar Hughes.

The other two, Éamonn Harrison, 24, of Co Down, and Gheorghe Nica, 43, of Basildon, Essex, were convicted of the same charges.

Ciontaíodh an bheirt eile, Éamonn Harrison, 24 bliain, as Co an Dúin, agus Gheorghe Nica, 43 bliain, as Basildon, Essex, sna cúisimh chéanna.

Harrison was sentenced to eighteen years in prison and Nica 27 years in charge of the conspiracy gang.

Téarma príosúin ocht mbliana déag a gearradh ar Harrison agus 27 bliain ar Nica arbh é ceann feadhna na buíne comhcheilge é.

The trailer was taken by Éamon Harrison to the port of Zeebrugge in Belgium before being shipped to England by ferry.

Ba é Éamon Harrison a thug an leantóir go calafort Zeebrugge sa Bheilg sular seoladh ar aghaidh go Sasana ar bhád farantóireachta é.

39 Vietnamese people die in lorry trailer The bodies of the 39 people – 31 men and eight women – were found in the lorry at an industrial estate in the town of Grays in Essex east of London.

Bhásaigh 39 duine ó Vítneam sa leantóir leoraí Fuarthas coirp an 39 duine – 31 fear agus ochtar ban – sa leoraí in eastát tionsclaíochta i mbaile Grays in Essex soir ó Londain.

They had paid up to € 14,590 each to the conspirators.

Bhí suas le €14,590 an duine íoctha acu le lucht na comcheilge.

Leave a Reply