20210124_”Géarchéim sláinte ag dul in ainseal”



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y5q3bh8u

“Chronic health crisis”.

“Géarchéim sláinte ag dul in ainseal”.

There are currently 1,965 Covid-19 patients in the country’s hospitals, 219 of them in intensive care units, Health Service Executive head Paul Reid said.

1,965 othar covid 19 atá in ospidéil na tíre faoi láthair, 219 acu in aonaid dianchúraim, a dúirt ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid.

In total, he said, there are 318 patients in intensive care units and only 26 adult intensive care beds are currently free.

San iomlán, a dúirt sé, 318 othar atá in aonaid dianchúraim agus níl ach 26 leaba dhianchúraim do dhaoine fásta saor faoi láthair.

Paul Reid pointed out that over half of Covid-19 patients are under the age of 65 and that hospitals are under enormous pressure.

Thug Paul Reid le fios go bhfuil os cionn leath de na hothair covid 19 faoi bhun 65 bliain agus go bhfuil brú ollmhór ar na hospidéil.

He claimed that the situation is now very serious.

Mhaígh sé go bhfuil cúrsaí i dtreo do bheith thar a bheith tromchúiseach anois.

If the day comes that there will be 350 people in intensive care units, he said, it will be a real challenge to provide the same level of care for all of them.

Má thagann an lá go mbeidh 350 duine in aonaid dianchúraim, a dúirt sé, beidh sé fíordhúshlánach an leibhéal céanna cúraim a chur ar fáil do gach aon duine acu.

He also confirmed that a number of patients in the west east across the country have been transferred to hospitals in the east as part of the Health Service Executive ‘s national plan to tackle the growing outbreak.

Dheimhnigh sé freisin gur aistríodh roinnt othar san iarthar soir trasna na tíre go hospidéil san oirthear mar chuid de phlean náisiúnta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le dul i ngleic leis an mborradh atá faoi chásanna den ghalar.

The management of Waterford University Hospital has confirmed that the number of Covid-19 patients there is ten times higher than a month ago.

Tá sé deimhnithe ag bainistíocht Ospidéal na hOllscoile i bPort Láirge go bhfuil an líon othar covid 19 ansin deich n-uaire níos airde ná mar a bhí mí ó shin.

There were twelve cases in mid – December, it was said, but there are at least 123 today.

Dhá chás déag a bhí ann i lár mhí na Nollag, a dúradh, ach 123 ar a laghad atá ann inniu.

There are another 25 people with symptoms of the disease.

Tá 25 duine eile ann a bhfuil comharthaí sóirt an ghalair orthu.

Leave a Reply