20210123_”Baint ag athraitheach nua le ráta báis níos airde sa Bhreatain”



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yyj2d57l

“New variable linked to higher death rate in Britain”.

“Baint ag athraitheach nua le ráta báis níos airde sa Bhreatain”.

British Prime Minister Boris Johnson has indicated that there is some evidence that a new variant of the coronavirus may be linked to a higher mortality rate among people who contract it.

Tá sé tugtha le fios ag Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson go bhfuil roinnt fianaise ann go bhféadfadh go bhfuil baint ag athraitheach nua ar an gcoróinvíreas le ráta báis níos airde i measc daoine a tholgann é.

This variation was first observed in the southeast of England last month.

Tugadh an t- athraitheach seo faoi deara ar dtús in oirdheisceart Shasana an mhí seo caite.

It was already known that it spreads faster and stronger than other variables.

Bhí a fhios cheana féin go scaipeann sé níos gasta agus níos tréine ná athraithigh eile.

British chief scientific adviser Patrick Vallance said the evidence cited by Prime Minister Johnson is still inaccurate and more information is awaited.

Dúirt príomhchomhairleoir eolaíochta na Breataine Patrick Vallance go bhfuil an fhianaise a luaigh an Príomh-Aire Johnson neamhbheacht go fóill agus go bhfuiltear ag fanacht le tuilleadh faisnéise.

There is further evidence, he said, that the vaccines produced so far by pharmacists are able to adhere to the new variant.

Tá fianaise eile ann, a dúirt sé, go bhfuil na vacsaíní atá táirgthe go dtí seo ag lucht cógaisíochta in ann an t-athraitheach nua a chloí.

Chief Medical Officer for Ireland Dr Tony Holohan said yesterday that the variant of the virus first discovered in England is currently the most common in this country.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na hÉireann an Dr Tony Holohan inné go bhfuil an t-athraitheach ar an víreas a aimsíodh ar dtús i Sasana ar an gceann is coitianta sa tír seo faoi láthair.

It accounts for 60% of the most recent Covid-19 cases in the State, he said.

Is é faoi deara 60 faoin gcéad de na cásanna covid 19 is deireanaí sa Stát, a dúirt sé.

Leave a Reply