20210122_”Róluath le scoileanna a oscailt arís” – Colm Henry.



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yyw3e25b

“Too early to reopen schools” – Colm Henry.

“Róluath le scoileanna a oscailt arís” – Colm Henry.

The spread of Covid-19 disease in the community is still far too high for schools to reopen, said Health Service Executive Chief Clinical Officer Dr Colm Henry.

Tá leathadh an ghalair covid 19 i measc an phobail i bhfad ró-ard fós le go n- osclófaí scoileanna arís, a dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an Dr Colm Henry.

Colm Henry said it was bad news that schools were still closed but that the spread of the disease was now ten times higher than at the beginning of December.

Dúirt Colm Henry gur olc an scéal é go bhfuil na scoileanna dúnta i gcónaí ach go bhfuil ráta scaipthe an ghalair deich n-uaire níos airde anois ná mar a bhí ag tús mhí na Nollag.

The dispersal rate needs to be lowered significantly before the chance can be taken to bring children from different families back to school, he claimed.

Ní mór an ráta scaipthe a ísliú go mór sular féidir dul sa seans agus leanaí ó theaghlaigh éagsúla a thabhairt le chéile ar scoil arís, a mhaígh sé.

Nonetheless, Colm Henry said, he hopes that children with special needs will be able to be catered for in some way.

Ina dhiaidh sin féin, a dúirt Colm Henry, tá sé ag súil go mbeifear in ann freastal ar bhealach éigin ar leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu.

He pointed out that this country is stuck in terms of Covid-19 and although the number of cases among the population has fallen slightly recently it is still a staggering rate.

Thug sé le fios go bhfuil an tír seo i ngábh ó thaobh covid 19 de agus cé go bhfuil laghdú beag tagtha le gairid ar an líon cásanna i measc an phobail gur ráta as cuimse atá ann i gcónaí.

There are currently about 2,500 cases a day, he said.

Thart 2,500 cás sa ló atá ann faoi láthair, a dúirt sé.

He said many of those people have not yet been taken ill, some have to be hospitalized, some will be placed in an intensive care unit and some will unfortunately die.

Dúirt sé nár buaileadh tinn go leor de na daoine sin fós, go gcaithfear cuid acu a chur san ospidéal, go gcuirfear cuid acu in aonad dianchúraim agus ar an drochuair go bhfaighidh cuid acu bás.

Colm Henry praised health workers who are currently under enormous work pressure and argued that it is a miracle that things are not worse than they are.

Mhol Colm Henry oibrithe sláinte a bhfuil brú ábhalmhór oibre orthu faoi láthair agus mhaígh sé gur míorúilt atá ann nach bhfuil cúrsaí níos measa ná mar atá.

Leave a Reply