Podcast: Play in new window | Download (Duration: 8:56 — 2.1MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/y5xcyzgg
“Two fateful days before hospitals in Galway” – Saolta.
“Dhá lá chinniúnacha roimh ospidéil i nGaillimh” – Saolta.
Covid-19 has been putting tremendous pressure on hospitals in Galway since the beginning of the year and they have two crucial days ahead of them today and tomorrow, said the head of the Saolta hospital group.
Tá brú thar cuimse ar ospidéil i nGaillimh ó thús na bliana de bharr covid 19 agus tá dhá lá chinniúnacha rompu inniu agus amárach, a dúirt ceannasaí an ghrúpa ospidéal Saolta.
Tony Canavan pointed out that there are currently 133 Covid-19 patients at Galway University Hospital, 17 of whom are in the intensive care unit.
Thug Tony Canavan le fios go bhfuil 133 othar covid 19 in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh faoi láthair, 17 acu san aonad dianchúraim.
Speaking on RTÉ, he said illness among staff at that hospital and other health centers in Galway was exacerbating the problem.
Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt sé go bhfuil breoiteacht i measc na foirne san ospidéal sin agus in ionaid eile sláinte i nGaillimh ag cur leis an bhfadhb.
387 staff members were absent yesterday at various venues across Galway due to Covid-19, Tony Canavan said.
387 ball foirne a bhí as láthair inné in ionaid éagsúla ar fud na Gaillimhe de bharr covid 19, a dúirt Tony Canavan.
Fortunately, he is optimistic, he said, that staffing will improve in the next two to three days.
Ar an dea-uair, tá dóchas aige, a dúirt sé, go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí foirne as seo go gceann dhá nó trí lá.
He argued that the easing of the problem in Galway has been linked to easing over Christmas and the new variant of the coronavirus.
Mhaígh sé go bhfuil baint ag maolú srianta i gcaitheamh na Nollag agus ag an athraitheach nua ar an gcoróinvíreas le géire na faidhbe i nGaillimh.
The current restrictions must be strictly enforced, Tony Canavan said.
Caithfear na srianta atá ann faoi láthair a chur i bhfeidhm go dian, a dúirt Tony Canavan.
Yesterday, the Health Service Executive, the Gardaí and the two local authorities urged the people of Galway to adhere to the public health guidelines in light of the recent triple increase in Covid-19 cases in the region.
Arú inné, dachainigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, na Gardaí agus an dá údarás áitiúla ar mhuintir na Gaillimhe cloí leis na treoirlínte sláinte poiblí i bhfianaise cásanna covid 19 sa réigiún a bheith méadaithe faoi dheich le gairid.
Almost 2,800 cases have been recorded in two weeks and Tuam, Galway city and Oranmore are reported to have the highest case rates.
Beagnach 2,800 cás a taifeadadh le coicís agus tuairiscítear gur i dTuaim, i gcathair na Gaillimhe agus in Órán Mór is airde atá an ráta cásanna.
Martin Ward, a nurse at Galway University Hospital, whose father and mother died in Co Tyrone with Covid-19, called on the Galway community to be prudent.
Diarr Martin Ward, altra in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, ar cailleadh a athair agus a mháthair i gCo Thír Eoghain le covid 19, diarr sé ar an bpobal i nGaillimh a bheith stuama.
He claimed that many of the public are very relaxed about the situation because so many people have only minor symptoms.
Mhaígh sé go bhfuil go leor den phobal an-réchúiseach faoin scéal mar gheall go bhfuil an oiread daoine nach bhfuil orthu ach mionsiomptóim.
Unfortunately, he said, there is also the bad side of the story.
Ar an drochuair, a dúirt sé, tá an taobh olc den scéal ann freisin.