20210121_IRISH_16_06



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y63dedpq

“Restaurants closed until May or beyond” – Taoiseach.

“Bialanna dúnta go dtí an Bhealtaine nó níos faide” – Taoiseach.

Taoiseach Micheál Martin has not ruled out restaurants being closed until May or beyond.

Níl sé curtha as an áireamh ag an Taoiseach Micheál Martin go mbeidh bialanna dúnta go dtí mí na Bealtaine nó níos faide ná sin.

The Taoiseach also indicated that retail outlets are likely to close until the end of next month and that schools are a particular issue.

Thug an Taoiseach le fios freisin gur dóichí go mbeidh ionaid miondíola dúnta go dtí deireadh na míosa seo chugainn agus gur ceist ar leith iad na scoileanna.

Speaking on Virgin Media television, Micheál Martin said most of the current Covid-19 restrictions will not be lifted until the end of February.

Ag labhairt dó ar theilifís Virgin Media, dúirt Micheál Martin nach maolófar formhór na srianta covid 19 atá ann faoi láthair go dtí deireadh Feabhra.

With regard to travel, the Taoiseach said that the Government is urging people not to go abroad and not to come to this country.

I dtaca le cúrsaí taistil de, dúirt an Taoiseach go bhfuil an Rialtas ag impí ar dhaoine gan dul thar lear agus gan teacht chun na tíre seo.

Travelers are obliged to prove that they do not have Covid-19 and people appear to be complying with that rule, he said.

Tá sé de dhualgas ar thaistealaithe a chruthú nach bhfuil covid 19 orthu agus dealraíonn sé go bhfuil daoine ag comhlíonadh na rialach sin, a dúirt sé.

That is not the whole story, however, he said, because so many people are going to Belfast from abroad.

Ní hin é an scéal ar fad, áfach, a dúirt sé, mar gheall go bhfuil an oiread daoine ag dul go Béal Feirste ón iasacht.

He claimed that there was a Government keeping a close eye on travel.

Mhaígh sé go bhfuil ann Rialtas ag coinneáil súil ghéar ar an chursaí taistil.

Leave a Reply