20201230_IRISH_19_37



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ydabclrq

Full Level 5 restrictions to be applied again.

Srianta iomlána Leibhéal 5 le cur i bhfeidhm arís.

Taoiseach Micheál Martin has confirmed that full Level 5 restrictions are to be applied in the country again tomorrow in view of the recent soaring of the number of Covid-19 cases.

Dhearbhaigh an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil srianta iomlána Leibhéal 5 le cur i bhfeidhm sa tír arís amárach féachaint leis an ardú as cuimse atá tagtha le gairid ar an líon cásanna covid 19 a cheansú.

The restrictions will last at least a month, he said.

Mairfidh na srianta mí ar a laghad, a dúirt sé.

In an afternoon televised speech, the Taoiseach announced at a Government meeting today that the country’s schools will not reopen after the Christmas break until Monday 11 January, instead of next Wednesday as planned.

In óráid teilifíse tráthnóna, dfhógair an Taoiseach gur socraíodh ag cruinniú Rialtais inniu nach n-oscóidh scoileanna na tíre arís tar éis bhriseadh na Nollag go dtí Dé Luain 11 Eanáir, in áit Dé Céadaoin seo chugainn mar a bhí beartaithe.

He said this decision does not apply to childcare centers or crèches.

Dúirt sé nach mbaineann an cinneadh seo le hionaid chúraim leanaí ná le naíolanna.

Unnecessary retail stores will have to close their doors again, visitors will be banned from homes and a five kilometer travel limit will apply again.

Caithfidh siopaí miondíola neamhriachtanacha a ndoirse dhúnadh arís, beidh cosc ar chuairteoirí i dtithe cónaithe agus beidh feidhm arís le teorainn taistil cúig chiliméadar.

No sporting events will be allowed, except professional games and sports such as Gaelic games and horse racing.

Ní bheidh cead aon imeachtaí spóirt a reáchtáil, ach amháin cluichí proifisiúnta agus scothspóirt fearacht cluichí Gaelacha agus rásaí capall.

Neither will people be allowed to be evicted from their homes.

Ní bheidh cead ach oiread daoine a chur as a dtithe.

Six guests will be allowed at weddings and only ten will be allowed to attend funerals.

Seisear aíonna a bheas ceadaithe ag bainiseacha agus ní bheidh cead ach ag deichniúr freastal ar shochraidí.

It is understood that construction sites will remain open.

Tuigtear go bhfanfaidh láithreacha tógála oscailte.

Leave a Reply