20201231_IRISH_10_25



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yd9w9bag

Man killed, killed by Gardaí in Dublin.

Fear caite, maraithe ag Gardaí i mBaile Átha Cliath.

Gardaí shot and killed a man over the age of twenty in west Dublin after he threatened them with a knife.

Chaith agus mharaigh na Gardaí fear os cionn fiche bliain daois in iarthar Bhaile Átha Cliath tar éis dó scian a bhagairt orthu.

The incident happened in the Manor Field Drive area of Clonee at around 12.30 today.

Tharla an eachtra i gceantar Chéide Ghoirt an Mhainéir i gCluain Aodha ag thart ar 12.30 inniu.

It is reported that the Gardaí went to the area after receiving word that a man was in a business center there while planning a knife.

Tuairiscítear go ndeachaigh na Gardaí go dtí an ceantar tar éis dóibh scéal a fháil go raibh fear in ionad gnó ansin agus scian á beartú aige.

Gardaí say they initially tried to tame the man in a non-lethal manner but were unsuccessful.

Deir na Gardaí go ndearna siad iarracht ar dtús an fear a cheansú ar bhealach neamarfach ach nár éirigh leo.

They later fired several bullets at the man, they say.

Chaith siad roinnt piléar leis an bhfear ina dhiaidh sin, a deir siad.

The man was treated at the scene and taken to Connolly Hospital in Blanchardstown, where he was confirmed missing.

Cuireadh cóir leighis ar an bhfear ar an láthair agus tugadh é go hOspidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir, mar ar deimhníodh go raibh sé caillte.

The killing is now being investigated by the Office of the Garda Síochána Ombudsman.

Tá an marú á fhiosrú anois ag Oifig Ombudsman an Gharda Síochána.

Leave a Reply