Podcast: Play in new window | Download (Duration: 4:31 — 1.0MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/y5ohsmzm
Matter of consolation in new research on schools.
Damhna sóláis i dtaighde úr faoi scoileanna.
According to new research published in the scientific journal Nature, schools are not a major source of Covid-19 and there has been no significant increase in the number of cases since they reopened in different countries in early autumn.
De réir taighde nua atá foilsithe san iris eolaíochta Nature, ní foinse mhór covid 19 na scoileanna agus níor tháinig aon ardú suntasach ar an líon cásanna ó osclaíodh arís iad i dtíortha éagsúla i dtús an fhómhair.
The results of the research are consistent with the information gathered in this country by the Health Service Executive.
Tagann torthaí an taighde leis an bhfaisnéis atá bailithe sa tír seo ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
However, new research says that the disease can be contracted by children and is mainly spread by older children.
Deirtear sa taighde nua, áfach, gur féidir le leanaí an galar a thógáil agus gur leanaí is sine is mó a scaipeann é.
Officials from the Association of Secondary Teachers are meeting today to discuss members’ concerns about safety issues in schools.
Tá oifigigh Chumann na Meánmhúinteoirí ag teacht le chéile inniu le himní na mball faoi chúrsaí sábháilteachta sna scoileanna a phlé.
Members voted yesterday in favor of industrial action – including a strike, if they so choose – unless the Government makes prompt reforms to how schools are tackling Covid-19.
Vótáil na baill arú inné i bhfabhar ghníomhaíocht thionsclaíoch – stailc san áireamh, má thograíonn siad – mura ndéanfaidh an Rialtas leasuithe go pras ar an gcaoi a bhfuil scoileanna ag dul i ngleic le covid 19.
The schools are due to reopen on Monday after the mid-term break.
Tá na scoileanna le hoscailt arís Dé Luain tar éis an bhriseadh lár téarma.
Sinn Féin education spokesman Donnchadh Ó Laoghaire said the Government had failed to establish a proper safety system in schools.
Dúirt urlabhraí oideachais Shinn Féin Donnchadh Ó Laoghaire go bhfuil teipthe ar an Rialtas córas ceart sábháilteachta a bhunú sna scoileanna.
The right, he said, was taken to remove suspected disinfectants from the schools but he does not understand how they were first admitted.
Rinneadh an ceart, a dúirt sé, díghalráin a raibh amhras fúthu a thógáil as na scoileanna ach ní thuigeann sé cén chaoi ar scaoileadh isteach iad an chéad lá riamh.
Social Democrat education spokeswoman Gary Gannon said Education Minister Norma Foley should appear before the Dáil and answer questions about the disinfection system in schools.
Dúirt urlabhraí oideachais na nDaonlathaithe Sóisialta Gary Gannon gur chóir don Aire Oideachais Norma Foley teacht os comhair na Dála agus ceisteanna a fhreagairt faoin gcóras díghalraithe sna scoileanna.