20201031_IRISH_08_51



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y2aejvxs

New € 20m fund for people with disabilities.

Ciste nua €20m do dhaoine faoi mhíchumas.

A new € 20 million fund for organizations providing services to people with disabilities was announced today.

Fógraíodh inniu ciste nua €20 milliún deagraíochtaí a chuireann seirbhísí ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas.

Some of the organizations that will benefit from the funding have been closed for a while due to Covid-19 but are now up and running again.

Bhí cuid de na heagraíochtaí a bhainfeas sochar as an maoiniú dúnta ar feadh scaithimh de bharr covid 19 ach tá siad i mbun oibre arís anois.

This is extra money on what was announced in the Budget earlier this month.

Airgead breise é seo ar an méid a fógraíodh sa Bhuiséad níos luaithe an mhí seo.

Grants from the fund will be provided for additional therapy sessions, training courses and building refurbishment.

Cuirfear deontais as an gciste ar fáil le haghaidh seisiúin bhreise teiripe, cúrsaí traenála agus athchóiriú foirgneamh.

At the beginning of the year, a few weeks before the general election, the Government made a 1% cut in funding for these organizations.

Ag tús na bliana, roinnt seachtainí roimh an olltoghchán, rinne an Rialtas ciorrú 1 faoin gcéad ar an maoiniú a chuirtear ar fáil do na heagraíochtaí seo.

Some organizations were left in short supply as a result, but funding was restored when a new Government was formed in the summer.

Bhí cuid de na heagraíochtaí fágtha ar an ngannchuid dá bharr, ach tugadh an maoniú ar ais nuair a bunaíodh Rialtas nua sa samhradh.

Leave a Reply