20200829_IRISH_08_52



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y6y2dt8l

Man detained over burglary in Longford.

Fear á choinneáil faoi eachtra buirgléireachta san Longfort.

Gardaí have arrested and detained a man following a burglary that took place during a school meeting held at a national school in Longford last night.

Tá fear gafa agus á choinneáil ag Gardaí i ndiaidh eachtra buirgléireachta a tharla le linn cruinniú scoile a bhí ar siúl i scoil náisiúnta san Longfort aréir.

The man is understood to have threatened several people attending the meeting at a Longford primary school before fleeing the scene for a sum of money.

Tuigtear gur bhagair an fear roinnt daoine a bhí ag freastal ar an gcruinniú i mbunscoil san Longfort sula theith sé ón láthair le suim airgid.

The man was wearing a mask and is thought to be carrying a screwdriver.

Bhí masc á chaitheamh ag an bhfear agus ceaptar go raibh scriúire á iompar aige.

It is understood he entered the school around 7pm where a school board meeting was taking place.

Tuigtear go ndeachaigh sé isteach sa scoil timpeall ar 7pm áit go raibh cruinniú de bhord na scoile ar siúl.

No one was injured in the incident.

Níor gortaíodh aon duine san eachtra.

Gardaí subsequently arrested a 38-year-old man in the town of Longford and recovered some money.

Ina dhiaidh ghabh na Gardaí fear 38 bliain daois i mbaile an Longfoirt agus fuarthas roinnt airgid.

The man is being held at Longford Garda station.

Tá an fear á choinneáil ag stáisiún Gardaí an Longfoirt.

Gardaí are appealing for anyone who saw anything and in particular the driver of a van believed to have been seen by the man in the church street area while fleeing the scene to contact them.

Tá na Gardaí ag achainní ar aon duine a chonaic aon ní agus go háirithe ar thiománaí veain a chreidtear a chonaic an fear i gceantar shráid an tséipéil agus é ag teitheadh ón láthair teagmháil a dhéanamh leo.

Anyone with any information is urged to contact the Gardaí in Longford on 043 3350570 or the confidential Garda Síochána line on 1800 666 111.

Táthar ag impí ar éinne le haon eolas teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí san Longfort ar 043 3350570 nó le líne rúnda an Gharda Síochána ar 1800 666 111.

Leave a Reply