20200827_IRISH_08_39



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y4mrsehx

Phil Hogan resigns as Trade Commissioner.

Phil Hogan éirithe as mar Choimisinéir Trádála.

Phil Hogan has resigned as European Union Trade Commissioner amid controversy over his recent visit to Ireland.

Tá Phil Hogan éirithe as a phost mar Choimisinéir Trádála an Aontais Eorpaigh mar gheall ar an gconspóid faoin gcuairt a thug sé ar Éirinn le gairid.

He is said to have violated the Government’s Covid-19 guidelines when he was here.

Deirtear gur sháraigh sé treoirlínte covid 19 an Rialtais nuair a bhí sé abhus anseo.

Phil Hogan is based in Brussels but spent the period between 31 July and 22 August in Ireland.

Tá Phil Hogan lonnaithe sa Bhruiséil ach chaith sé an tréimhse idir 31 Iúil agus 22 Lúnasa in Eirinn.

He was in various counties in three provinces during that time.

Bhí sé i gcontaetha éagsúla i dtrí chúige i gcaitheamh an ama sin.

Phil Hogan was one of four scorers who attended a dinner at a hotel in Clifden, Co. Galway last Wednesday, an event organized by the Oireachtas Golf Club and which has since caused considerable controversy.

Bhí Phil Hogan ar dhuine de cheithre scór a dfhreastail ar dhinnéar in óstán sa Chlochán i gCo na Gaillimhe Dé Céadaoin seo caite, ócáid a deagraigh Cumann Gailf an Oireachtais agus a tharraing conspóid mhór ó shin.

Speaking to RTÉ tonight, Phil Hogan said he was resigning as Trade Commissioner because of the controversy surrounding his work.

Ag labhairt dó le RTÉ anocht, dúirt Phil Hogan go raibh sé ag éirí as mar Choimisinéir Trádála mar go raibh an t-aighneas ag baint den obair a bhí ar bun aige.

He argued that his time in Ireland did not violate any laws or regulations but that he could better adhere to the guidelines.

Mháigh sé nár sháraigh sé aon dlí ná rialacháin an t-am a bhí sé in Éirinn ach go bhféadfadh sé cloí níos fearr leis na treoirlínte.

Leave a Reply