20200817_IRISH_09_56



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y2pm6qxv

New policies in the pipeline from the Working Party on Health.

Beartais nua ar na bacáin ón Meitheal Sláinte.

Health executives will hold meetings later in the day to discuss the significant increase in the number of confirmed cases of the coronary virus.

Beidh feidhmeannaigh sláinte i mbun cruinnithe amach sa lá ag a pléifear an t- ardú suntasach atá tagtha ar líon na gcásanna deimhnithe den víreas coronach.

66 new cases confirmed yesterday.

66 cás nua a deimhníodh inné.

It was 200 on Saturday.

200 a bhí ann Dé Sathairn.

1,100 cases have been identified nationally in the last 14 days.

Tá 1,100 cás sonraithe go náisiúnta le 14 lá anuas.

In the evening, the Public Health Emergency Working Group (NPHET) will be considering the increase and it is believed that they will be recommending to the Government that further policies be put in place.

Tráthnóna beidh an Meitheal Éigeandála Sláinte Phoiblí (NPHET) i mbun macnaimh ar an ardú agus creidtear go mbeidh siad ag moladh don Rialtas beartais sa mbreis a chur sa tsiúl.

Keeping people with health problems safe, strengthening the normal health system, and reopening schools are key objectives of NPHET they say.

Daoine a bhfuil fadhbanna sláinte acu a choinneáil slán, an gnáthchóras sláinte a threisiú, agus na scoileanna a athoscailt, príomhaidhmeanna NPHET a deir siad.

Dr Ronan Glynn, Interim Chief Medical Officer, said there are people who engage in reckless behavior that is endangering general public health.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an PríomhOifigeach Eatramhach Leighis, go bhfuil daoine ann atá i mbun iompair meargánta atá ag cur sláinte an phobail i gcoiteann i mbaol.

Dr. said.

Dúirt an Dr.

Glynn ‘s pandemic is not over, although people may be fed up with her by now.

Glynn nach bhfuil an phaindéim thart, cé go mbfhéidir go bhfuil daoine bréan di faoin tráth seo.

Leave a Reply