20200728_IRISH_08_26



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y4lxv93c

Murder investigation underway into Dublin shooting incident.

Fiosrúchán dúnmharaithe ar bun maidir le heachtra lámhaigh i mBÁC.

Gardaí are investigating a murder in connection with a shooting incident in Ballyfermot, Dublin this morning. The incident took place in the Croftwood Park area at around 11am.

Tá fiosrúchán dúnmharaithe ar bun ag Gardaí maidir le heachtra lámhaigh a tharla i mBaile Formaid i mBaile Átha Cliath ar maidin Tharla an eachtra i gceantar Pháirc Choill na Croite timpeall ar 11 a chlog ar maidin.

The 55-year-old man is believed to have fired several shots and died at the scene.

Tuigtear gur scaoileadh roinnt urchair leis an bhfear a bhí 55 bliain daois agus bhásaigh sé ag an láthair.

Gardaí say the incident appears to involve criminal gangs and was a planned attack.

Deir na Gardaí go bhfuil an chosúlacht ar chúrsaí go mbaineann an eachtra le buíonta coirpeach agus gur ionsaí pleanáilte a bhí ann.

It is understood that several men with guns came to the door of the house in the morning and when the man who was killed opened the door he was shot and killed.

Tuigtear gur tháinig roinnt fir le gunnaí go dtí doras an tí ar maidin agus nuair a doscail an fear a maraíodh an doras lámhachadh agus maraíodh é.

It is understood that the deceased lived in England and his mother lived in the house in Ballyfermot.

Tuigtear go raibh an té a bhásaigh ina chonaí i Sasana agus mhair a mháthair sa teach i mBaile Formaid.

Two cars are thought to have been used to flee the scene, a blue Ford Fiesta and a Skoda Octavia.

Ceaptar gur usáideadh dhá charr chun teitheadh ón láthair, Ford Fiesta gorm agus Skoda Octavia.

The burnt Ford Fiesta was found nearby on Le Fanu Drive.

Aimsíodh an Ford Fiesta loiscithe in aice láimhe ar Chéide Le Fanu.

The Skoda is thought to have caught fire in the Clondalkin area.

Meastar gur cuireadh an Skoda trí thine i gceantar Chluain Dolcáin.

The site has been preserved by the Gardaí.

Tá an láthair caomhnaithe ag na Gardaí.

Leave a Reply