20200728_IRISH_08_24



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y5gdoz4w

Government agrees € 375m to reopen schools.

Ciste €375m aontaithe ag an Rialtas chun scoileanna a athoscailt.

Taoiseach Micheál Martin has confirmed that € 375m euro will be provided to reopen schools.

Tá sé deimhnithe ag an Taoiseach Micheál Martin go gcuirfear €375m euro ar fáil chun scoileanna a oscailt arís.

The announcement followed a cabinet meeting at Dublin Castle in the afternoon.

Rinneadh an fógra i ndiaidh cruinniú comh- aireachta ag Caisleán Bhaile Átha Cliath tráthnóna.

The Taoiseach said the plan will include PPE equipment, changing resources and instructions depending on the situation.

Dúirt an Taoiseach go mbeidh trealamh PPE, acmhainní agus treoracha a bheidh ag athrú ag braith ar an gcás san áireamh sa phlean.

The Government said the package provides supports, supports and guidance to enable primary and post-primary schools to return to work safely.

Dúirt an Rialtas go gcuireann an pacáiste, tacaíochtaí agus treoracha ar fáil chun go mbeidh bunscoileanna agus iarbhunscoileanna in ann filleadh ar an obair go sábháilte.

An additional 1,000 teachers will be provided in post-primary schools to help with smaller classes.

Cuirfear 1,000 múinteoir breise ar fáil in iarbhunscoileanna chun cabhrú le ranganna níos lú a bheith ann.

Additional guidance counselors, additional supervisory counselors and additional psychologists will be provided.

Cuirfear treoirchomhairleoirí breise, comhairleoirí feitheoireachta breise agus síceolaithe breise ar fáil.

Included in the plan will be € 75 million to ensure the implementation of social segregation in classrooms, Personal Protective equipment and hand hygiene equipment for schools as well as instructions on what to do in the event of a Covid case. -19.

San áireamh sa phlean, cuirfear €75 milliún ar fáil chun a chinntiú go gcuirfear scaradh sóisialta i bhfeidhm i seomraí ranga, trealamh Cosanta Pearsanta agus trealamh do shláinteachas láimhe do scoileanna chomh maith le treoracha maidir le cad ba cheart a dhéanamh má tharlaíonn cás de covid 19.

All of the country ‘s schools, 4,000 schools, have been closed since March 12 due to the coronary virus crisis and the Government is now at the top of the list for reopening schools.

Tá scoileanna uile na tíre, 4,000 scoil, dúnta ón 12ú Márta mar gheall ar ghéarchéim an choróinvíris agus tá sé ag barr an liosta anois ag an Rialtas go ndéanfar scoileanna a oscailt arís.

Education Minister Norma Foley presented the plan to cabinet this afternoon.

Chuir an tAire Oideachais Norma Foley an plean os comhair an chomh-aireachta tráthnóna inniu.

At a media event at Dublin Castle this afternoon, Taoiseach Micheál Martin said that learning from home was no longer enough and that there was nothing better than students learning in school with their teachers.

Ag ocáid do na meáin ag Caisleán Bhaile Átha Cliath tráthnóna, dúirt an Taoiseach Micheál Martin narbh leor a bheith ag foghlaim ón baile níos mó agus nach raibh aon rud níos fearr ná daltaí a bheith ag foghlaim ar scoil lena gcuid múinteoirí.

Taoiseach Mícheál Martin said it would be a huge challenge to reopen the schools safely to one million students.

Dúirt an Taoiseach Mícheál Martin gur dúshlán ollmhór a bheidh ann na scoileanna a oscailt go sabháilte arís do mhilliún dalta.

Leave a Reply