20200727_IRISH_09_17



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y6plvejs

Two killed in road accidents.

Beirt maraithe i dtimpistí bóthair.

Two men were killed in various road accidents in County Kerry and County Meath last night.

Maraíodh beirt fhear i dtimpistí bóthair éagsúla i gContae Chiarraí agus i gContae na Mí aréir.

A man in his twenties was killed in a one-vehicle accident near Kells in County Meath.

Maraíodh fear sna fichidí i dtionóisc aon-fheithicil cóngarach do Ceanannas i gContae na Mí.

The man was a passenger in a van and the accident happened in the Crossakeel area around 11pm last night.

Bhí an fear ina phaisinéir i veain agus tharla an timpiste i gceantar Chrosa Caoil timpeall ar 11 a chlog aréir.

The man was taken to Our Lady’s Children’s Hospital in Navan in critical condition.

Tugadh an fear go hospidéal Mhuire na Leanaí san Uaimh agus drochbhail air.

He died in hospital.

Bhásaigh sé san ospidéal.

The driver of the van in his twenties was also injured and is being treated at Our Lady of Lourdes Hospital in Drogheda.

Gortaíodh tiománaí an veain atá sna fichidí chomh maith agus tá cóir leighis á cur air in ospidéal Mhuire Lourdes i nDroichead Átha.

There was no other vehicle in the accident.

Ní raibh aon fheithicil eile sa tionóisc.

Gardaí are urging anyone who has seen anything to contact them.

Tá na Gardaí ag impí ar aon duine a chonaic aon ní teagmháil a dhéanamh leo.

In County Kerry, a man in his sixties died in a one-vehicle accident in Magh Glas East of Castleisland at around 11.20 last night.

I gContae Chiarraí, bhásaigh fear sna seascaidí i dtionóisc aon-fheithicil i Magh Glas Thoir in Oileán Chiarraí timpeall ar 11.20 aréir.

The man who was traveling alone died at the scene of the crash.

Bhásaigh an fear a bhí ag taisteal leis fhéin ag láthair na timpiste.

Gardaí are appealing to anyone who was driving in the area between 11 and 11.30 last night and saw anything to contact them at the Garda Station in Tralee on 066 710 2300 or the Garda Secret Line.

Tá na Gardaí ag achainí ar aon duine a bhí ag tiomáint sa cheantar idir 11 agus 11.30 aréir agus a chonaic aon ní teagmháil a dhéanamh leo ag Stáisiún na nGardaí i dTrá Lí ar 066 710 2300 nó ar Líne Rúnda an Gharda Síochána.

Leave a Reply