Podcast: Play in new window | Download (Duration: 4:13 — 990.0KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/y9b6k657
Compulsory quarantine recommended by health experts.
Coraintín éigeantach á mholadh ag saineolaithe sláinte.
A public health expert has said that the Government needs to look again at the issue of mandatory quarantine for travelers.
Tá sé ráite ag saineolaí sláinte poiblí go gcaithfidh an Rialtas féachaint arís ar cheist an choraintín éigeantaigh do thaistealaithe.
At present, people who are abroad are being asked to stay away from others for a fortnight.
Faoi láthair, iarrtar ar dhaoine a bhí thar lear fanacht amach astu féin ó dhaoine eile ar feadh coicíse.
However, Professor Gabriel Scally of the University of Bristol in England suggested that this system is not sufficiently robust.
Thug an tOllamh Gabriel Scally ó Ollscoil Bhriostó i Sasana le fios, áfach, nach bhfuil an córas seo sách láidr.
He said that while people should be allowed to travel abroad they should also be forced to quarantine when they returned to Ireland.
Dúirt sé cé gur cheart go mbeadh cead ag daoine taisteal thar lear gur cheart freisin go mbeadh iallach orthu dul ar coraintín ach a dfhillifidís ar Éirinn.
He stated that there are plenty of hotels close to airports that would be suitable as quarantine sites.
Mhaígh sé go bhfuil neart óstán gar daerfoirt a bheadh feiliúnach mar láithreacha coraintín.
Virologist Kim Roberts, assistant professor at Trinity College Dublin, said the Government’s strategy places too much emphasis on people’s personal responsibility.
Dúirt an víreolaí Kim Roberts, ollamh cúnta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, go leagann stráitéis an Rialtais an iomarca béime ar fhreagracht phearsanta daoine.
According to her, people should be compulsorily quarantined in the hotels.
Dar léi gur chóir daoine a chur ar coraintín éigeantach sna hóstáin.
A survey conducted on behalf of the Department of Health shows that the number of people who are anxious about Covid-19 disease has increased.
Léiríonn suirbhé a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte go bhfuil méadú tagtha ar an líon daoine atá imníoch faoin ngalar covid 19.
Only 49% of survey participants believe the worst of the crisis is over, compared to 62% three weeks ago.
Ní chreideann ach 49 faoin gcéad de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé go bhfuil an chuid is measa den ghéarchéim thart, i gcomparáid le 62 faoin gcéad trí seachtaine ó shin.
The survey also found that over 30% of people believe that things are getting back to normal.
De réir an tsuirbhé freisin, creideann os cionn 30 faoin gcéad de dhaoine go bhfuil cúrsaí á dtabhairt ar ais mar a bhí go róthobann.