20200701_IRISH_12_41



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/y8dp2eq8

Increased number of flights in the European Union from today.

Méadú ar líon eitiltí san Aontas Eorpach ó inniu.

Most European Union member states are ending today the travel restrictions on people from fourteen countries.

Tá an chuid is mó de bhallstáit an Aontais Eorpaigh ag cur deireadh inniu leis na srianta taistil ar bhí ar dhaoine ó cheithre thír déag.

The Ryanair airline is also restarting today with 40% of its flights.

Tá an aerlíne Ryanair ag cur tús arís inniu freisin le 40 faoin gcéad dá gcuid eitiltí.

That’s over 1,000 flights a day on 90% of their air routes.

Sin os cionn 1,000 eitilt sa ló ar 90 faoin gcéad dá mbealaí aeir.

Passengers are required to wear masks and are advised to bring as few bags as possible.

Ní mór do phaisinéirí maisc a chaitheamh agus moltar dóibh a laghad málaí agus is féidir a thabhairt leo.

There will be strict rules of cleanliness and hygiene on the airplanes.

Beidh rialacha diana glaineachta agus sláinteachais ar na heitleáin.

Ryanair chief executive Eddie Wilson said the company is not providing flights again for tourism.

Dúirt príomhfheidhmeannach Ryanair Eddie Wilson nach ar son na turasóireachta amháin atá an comhlacht ag cur eitiltí ar fáil arís.

He claimed that Ryanair is now going for flights again for employment and business, and for people to visit family and friends.

Mhaígh sé gur ar son fostaíochta agus gnó atá Ryanair ag dul i mbun eitiltí arís, agus le go mbeidh deis ag daoine cuairt a thabhairt ar dhaoine muinteartha leo agus ar chairde.

Public health experts in this country, however, still urge people not to travel abroad unless absolutely necessary.

Tá saineolaithe sláinte poiblí sa tír seo, áfach, fós ag iarraidh ar dhaoine gan taisteal thar lear mura bhfuil géarghá leis.

However, Professor Jack Lambert from the Mater Hospital in Dublin this morning said that he himself believes that it is safe for people to travel abroad while complying with hygiene rules.

Mar sin féin, dúirt an tOllamh Jack Lambert ó Ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath ar maidin go gcreideann sé féin go bhfuil sé sábháilte ag daoine taisteal thar lear fad is a chloíonn siad le rialacha sláinteachais.

Everyone who comes into the country is legally obliged to fill in a form and stay away from others for a fortnight.

Tá oibleagáid dhlíthiúil ar gach duine a thagann isteach sa tír foirm a líonadh agus fanacht amach ó dhaoine eile ar feadh coicíse.

Leave a Reply