20231227_IRISH_la_naisiunta_dobroin_i_bpoblacht_na_seice



Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/ywbz4fdk

Contact: irishlingos@gmail.com

National Dobroin Day in the Czech Republic.

Lá Náisiúnta Dobróin i bPoblacht na Seice.

Flags are at half mast in the Czech Republic today following the attack in which 14 people were killed at a University in Prague two days ago.

Tá bratacha ar leathchrann i bPoblacht na Seice inniu i ndiaidh an ionsaithe inar maraíodh 14 duine ag Ollscoil i bPrág dhá lá ó shin.

A 24-year-old student shot 14 people before taking his own life.

Lámhaigh mac léinn a bhí 24 bliain d’aois, 14 duine sula chuir sé lámh ina bhás féin.

Another 25 people were injured in the attack that took place on Thursday.

Gortaíodh 25 duine eile san ionsaí a tharla Déardaoin.

Today is a national day of mourning in the country.

Tá lá náisiúnta dobróin sa tír inniu.

A minute’s silence was held at noon in memory of all those killed in the gun attack two days ago at Charles University in the capital Prague.

Reachtáladh nóiméad ciúnais ag meán lae i gcuimhne na ndaoine ar fad a maraíodh san ionsaí gunna dhá lá ó shin ag Ollscoil Charles sa phríomhchathair Prág.

Mass was read in St Vitus Cathedral and prayers were said for the dead, the injured and their families.

Léadh Aifreann in Ardeaglais Naomh Vitus agus dúradh paidreacha ar son na marbh, na ndaoine a gortaíodh agus a dteaghlaigh.

Candles and flowers were left outside the Faculty of Arts building, in the center of the capital.

Fágadh coinnle agus bláthanna taobh amuigh de fhoirgneamh Dhámh na nDán, i lár na príomhchathrach.

In the meantime, the authorities are trying to find out the motive behind the attack, one of the worst attacks in Europe for years.

Idir an dá linn tá na hudaráis ag iarraidh a dhéanamh amach cén údar a bhí leis an ionsaí, ceann do na hionsaithe is measa san Eoraip le blianta.

National Dobroin Day in the Czech Republic

Lá Náisiúnta Dobróin i bPoblacht na Seice

Leave a Reply