20230924_IRISH_na_heireannaigh_ag_ceiluradh_i_bparas



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/27b9pvat

Contact: irishlingos@gmail.com

The Irish celebrating in Paris.

Na hÉireannaigh ag ceilúradh i bPáras.

Fans of the Irish rugby team are celebrating tonight after Andy Farrell’s players got the better of the world champions in Paris.

Tá údar ceiliúrtha ag lucht leanúna fhoireann rugbaí na hÉireann anocht i ndiaidh d’imreoirí Andy Farrell an ceann is fearr a fháil ar churaithe an domhain i bPáras.

They had 5 points to spare over South Africa in a hard fought game at the Stade de France.

Bhí 5 phointe le spáráil acu ar an Afraic Theas i gcluiche crua teann sa Stade de France.

The final score in this game in Pool B was 13-8.

13-8 an scór deiridh sa gcluiche seo i bPúl B.

There may not have been many points on the scoreboard but Ireland won a game that was not easy for them.

B’fhéidir nach bhfacthas mórán pointí ar chlár na scór ach bhuaigh Éirinn cluiche nach raibh éasca dóibh.

These players have now taken a big step forward and have a good chance of going all the way to the final.

Tá céim mhór tógtha anois ag na himreoirí seo agus cosúlacht mhaith orthu go ngabhfaidh siad an bealach ar fad chuig an chluiche ceannais.

Only one to score either side, Mack Hansen one of Ireland’s heroes on the night.

Úd amháin a scóráil ceachtar taobh,Mack Hansen duine de laochra na hÉireann ar an oíche.

who laid the ball down behind the Springbok back line.

a leag an liathróid anuas laistiar de líne cúil an Springbok.

Jack Crowley secured victory for the Irish with a penalty kick but their defenders then had to do their best to keep the Boks out of their back line.

Ba é Jack Crowley a chinntigh an bua do na hÉireannaigh le cic píonóis ach bhí ar a gcuid cosantóirí ansin éacht a dhéanamh leis na Boks a choinneáil amach óna líne cúil.

But they did so securing an important psychological victory for Ireland, their third victory in a row in this competition and they now aim for another in two weeks’ time against Scotland.

Ach rinne siad sin ag cinntiú bua tábhachtach siceolaíoch d’Éirinn, a dtriú bua as a chéile sa chomórtas seo agus iad ag dréim anois le ceann eile faoi cheann coicíse in aghaidh na hAlban.

It is very likely that the All Blacks will face Ireland in the quarter-final, unless the Italians manage to bring the legs with them and qualify in second place from Pool A.

Is mór an seans gurb iad na All Blacks a bheidh in aghaidh na hÉireann sa chluiche ceathrú ceannais, mura n-éiríonn leis na hIodálaigh na cosa a thabhairt leo agus cáiliú sa dara háit as Púl A.

Whatever happens, a big threat has come from the Irish team tonight and it is unlikely that they will be too concerned about who they will face in the knockout rounds of this competition which is taking place in France.

Pé ní a tharlaíonn ta bagairt mhór tagtha ó fhoireann na hÉireann anocht agus ní dócha go mbeidh aon ró-imní orthu maidir le cé a chasfaidh orthu sna babhtaí díbeartha den chomórtas seo atá ar siúl sa Fhrainc.

As for South Africa, their head coach, Jacques Nienaber, says that he still believes that this result does not change anything and that the Springbok will once again own the World Cup this round.

Maidir leis an Afraic Theas dhe, deir a bpríomh-chóitseálai,Jacques Nienaber go gcreideann sé i gcónaí nach n-athraíonn an toradh seo faic agus gur leis an Springbok Corn an Domhain arís an babhta seo.

He praised the Irish team for their win and although South Africa missed a number of chances, Nienaber said he could not side with excuses because Ireland proved themselves to be the best team on the night.

Mhol sé foireann na hÉireann as a mbua agus cé gur chaill an Afraic Theas roinnt seansanna dúirt Nienaber nár fhéad sé a bheith taobh le leithscéalta mar gur chruthaigh Éirinn iad féin mar an fhoireann ab fhearr ar an oíche.

It certainly didn’t help South Africa that they missed 3-point chances on the night, especially from the boots of Manie Libbok and Faf de Klerk.

Níorbh aon chabhair é don Afraic Theas cinnte gur chaill siad seansanna 3phointe ar an oíche, go háirithe ó bhróga Manie Libbok agus Faf de Klerk.

‘But we now have Tonga ahead of us in 8 days’ Nienaber says, ‘our attention will be focused on them to get out of the group and go as far as the quarter finals.

‘Ach tá Tonga romhainn anois faoi cheann 8 lá’ a deir Nienaber, ‘is orthu sin a bheidh ár n-aird dírithe chun teacht amach as an ghrúpa agus dul chomh fada le staid na gcluichí ceathrú ceannais.

The captain of South Africa, Siya Kolisi largely agrees with the words of the coach saying that the Boks lost the game thanks to their resilience. The loss of this game for South Africa was the first time they failed at the World Cup since 21 September 2019 who were beaten by New Zealand in the first match of the Webb Ellis Tournament in Yokohama in Japan.

Aontaíonn captaein na hAfraice Theas,Siya Kolisi cuid mhór le briathra an chóitseálaí ag rá gur chaill na Boks an cluiche a bhuíochas dá siléigeacht Ba í cailliúint an chluiche seo don Afraic Theas an chéad uair dóibh teipeadh ag Craobh an Domhain ón 21Meán Fómhair 2019, tráth ar chloígh an Nua Shéalainn iad sa chéad chluiche de Chomórtas an Webb Ellis i Yokohama sa tSeapáin.

South Africa will play Tonga in their final Pool B game in Marseille next Sunday.

Is i Marseille Dé Domhnaigh seo chugainn a imreoidh an Afraic Theas i gcoinne Tonga, a gcluiche deiridh i bPúl B.

Ireland will play Scotland in their final match on Saturday, October 7th, at the Stade de France in Paris.

Imreoidh Éirinn i gcoinne na hAlban ina gcluiche deiridh siúd ar an Satharn, an 7ú Deireadh Fómhair, sa Stade de France i bPáras.

An important victory for Ireland

Bua tábhachtach ag Éirinn

Leave a Reply