Podcast: Play in new window | Download (Duration: 9:09 — 2.1MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/27rqoa57
Contact: irishlingos@gmail.com
890 to let go at Accenture.
890 le ligean chun siúil ag Accenture.
The company Accenture has announced that they are going to let 890 people walk away from their jobs.
Tá an chuideachta Accenture tar éis fógairt go bhfuil siad chun 890 duine a ligean chun siúil as a gcuid postanna.
That’s 14% of the 6,500 they employ in the country.
Sin 14 faoin gcéad den 6,500 atá fostaithe acu sa tír.
In March Accenture announced that they were going to get rid of 2.5% of their global workforce.
Mí an Mhárta d’fhógair Accenture go raibh siad chun fáil réidh le 2.5 faoin gcéad den líon atá fostaithe go domhanda acu.
Already this year the company has let 1,300 people walk in Ireland – 400 of them on a competition programme.
Cheana féin i mbliana tá 1,300 duine ligthe chun siúil ag an gcuideachta in Éirinn – 400 díobh ar chlár iomaíochta.
The services company has been badly hit by the cutback made in the past year by major technology companies such as Meta (Facebook as it used to be) which has let go of a third of its workforce.
Tá an chuideachta seirbhísí buailte go dona ag an ngearradh siar atá déanta le bliain anuas ag mórchuideachtaí teicneolaíochta ar nós Meta (Facebook mar a bhíodh) atá tar éis ⅓ú cuid dá meitheal a ligean chun bealaigh.
Accenture has thousands of employees but they are outsourced – outsourced to work on contract – to tech giants like Meta and Microsoft.
Tá na mílte fostaí ag Accenture ach iad ag feidhmiú mar a bheadh seachfhoinsithe – curtha amach ag obair ar chonradh – le ollchuideachtaí teicneolaíochta cosúil le Meta agus Microsoft.
Accenture also provides services to banks, government organizations and major industrial and pharmaceutical companies around the globe.
Cuireann Accenture seirbhísí ar fáil freisin do bhancanna, eagrais stáit agus mórchuideachtaí tionsclaíochta agus cógaisíochtaí ar fud na cruinne.
Today the Irish workforce was informed of the job cuts.
Inniu a cuireadh foireann oibre na hÉireann ar an eolas faoin gciorrú ar phostanna.
Accenture says it does not intend to discuss the cutback publicly until discussions with the workforce about a redundancy program have been completed.
Deir Accenture nach bhfuil sé i gceist acu an gearradh siar a phlé go poiblí go mbeidh comhráití críochnaithe leis an meitheal faoi chlár iomarcaíochta.
They say that they are still focused on serving their customers and that they are always serious about their business in Ireland.
Deir siad go bhfuil siad dírithe go fóill ar fhreastal ar a gcuid custaiméirí agus go bhfuil siad lán-dáiríre i gcónaí faoina ngnó in Éirinn.
6,500 are currently employed in Ireland by Accenture.
6,500 atá fostaithe in Éirinn faoi láthair ag Accenture.