20210831_IRISH_cruinniu_cinniunach_faoi_shrianta_covid-19_inniu



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ye2u3boe

Decisive meeting about Covid-19 restrictions today.

Cruinniú cinniúnach faoi shrianta covid 19 inniu.

The Government is meeting today to discuss ending the Covid-19 restrictions.

Tá an Rialtas ag teacht le chéile inniu le deireadh a chur le srianta covid 19 a phlé.

The Government ‘s Covid – 19 subcommittee has recommended that almost all of the restrictions be lifted by 22 October.

Tá sé molta ag fochoiste covid 19 an Rialtais deireadh a chur le nach mór gach aon cheann de na srianta faoin 22 Deireadh Fómhair.

At today ‘s meeting, a timetable for the phasing out of restrictions from next Monday will be discussed.

Ag an gcruinniú inniu, pléifear amchlár le srianta a chur ar neamhní de réir a chéile ón Luan seo chugainn ar aghaidh.

It will also be recommended that workers be allowed to return to their offices from 20 September in the meantime if Covid-19 conditions do not deteriorate at all.

Molfar freisin cead a thabhairt d’oibrithe filleadh ar a gcuid oifigí ón 20 Meán Fómhair sa chás nach dtéann cúrsaí covid 19 in olcas ar fad idir an dá linn.

It is understood that large crowds will be allowed to attend such religious and sporting events from 6 September.

Tuigtear go mbeidh cead ag sluaite móra freastal ar leithéidí ócáidí creidimh agus imeachtaí spóirt ón 6 Meán Fómhair.

Under the new regulations, 60% attendance will be allowed at indoor events and 75% at outdoor events.

De réir na rialachán nua, is tinreamh 60 faoin gcéad a cheadófar ag imeachtaí faoi dhíon agus 75 faoin gcéad ag imeachtaí faoin aer.

Only fully vaccinated persons will be admitted to these proceedings.

Daoine atá iomlán vacsaínithe amháin a ligfear isteach sna himeachtaí seo.

Live music will be allowed again at weddings and hotels as well.

Ceadófar ceol beo arís ag bainiseacha agus i dtithe ósta chomh maith.

There is also talk of allowing after-school activities inside – sports games included – to be allowed again without delay.

Tá caint freisin ar ghníomhaíochtaí iarscoile taobh istigh – cluichí spóirt san áireamh – a cheadú arís gan mhoill.

After all, it is accepted that people will always have to wear masks in shops, on buses, on trains and in all kinds of health centers.

Ina dhiaidh sin ar fad, glactar leis go mbeidh ar dhaoine maisc a chaitheamh i gcónaí i siopaí, ar bhusanna, ar thraenacha agus i ngach cineál ionaid sláinte.

Leave a Reply