Podcast: Play in new window | Download (Duration: 6:15 — 1.4MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yxdzygz2
“Ursula von der Leyen regrets by mistake”.
“Aiféala ar Ursula von der Leyen faoi dhearmaid”.
European Commission President Ursula von der Leyen said she “deeply regrets the mistakes made” when the Commission decided to implement Article 16 of the Northern Protocol on 29 January.
Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen “gurb oth go mór léi na dearmaid a rinneadh” nuair a chinn an Coimisiún Airteagal 16 de phrótacal an Tuaiscirt a chur i ngníomh ar an 29 Eanáir.
The decision was made in light of controversy over the distribution of Covid-19 vaccines by the AstraZeneca company.
Rinneadh an cinneadh i bhfianaise conspóide faoi dháileadh vacsaíní covid 19 an chomhlachta AstraZeneca.
The decision sparked a major political confrontation and was promptly reversed.
Tharraing an cinneadh achrann mór polaitiúil agus chuathas siar air go pras.
Speaking to MEPs, Ursula von der Leyen claimed that although it was forgotten that the right thing had finally been done.
Agus í ag labhairt le feisirí Pharlaimint na hEorpa, mhaígh Ursula von der Leyen cé go ndearnadh dearmaid go ndearnadh an rud ceart ar deireadh.
She indicated that the European Commission would do its utmost to safeguard peace in the North despite the controversy.
Thug sí fios go ndéanfadh an Coimisiún Eorpach a dhícheall an tsíocháin sa Tuaisceart a chosaint ainneoin na conspóide.
She also claimed that the European Union was too late in approving vaccines while at the same time defending the workings of the European Medicines Agency.
Mhaígh sí freisin go raibh an tAontas Eorpach rómhall ag ceadú vacsaíní cé gur chosain sí ag an am céanna modh oibre na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí.
For safety reasons the licensing process has been slow so far, she said.
Ar chúinsí sábháilteachta a bhí an próiseas ceadúnaithe mall go dtí seo, a dúirt sí.
Ursula von der Leyen also said that there was too much hope that pharmaceutical companies would provide vaccines in time.
Dúirt Ursula von der Leyen chomh maith go raibh an iomarca dóchais ann go gcuirfeadh comhlachtaí cógaisíochta vacsaíní ar fáíl in am.
It also defended the European Union’s negotiating structure, saying that it was much more beneficial for member states to negotiate with pharmaceutical companies jointly and unanimously.
Chosain sí freisin struchtúr idirbheartaíochta an Aontais Eorpaigh á rá gur thairbhí i bhfad do na ballstáit dul i mbun margála le comhlachtaí cógaisíochta i bpáirt le chéile agus daon ghuth ná ina n-aonar.