20210206_Fear gafa maidir le bás mná i dtuaisceart Chorcaí inné.



Original Podcast with clickable words

https://lmknjb.com/blog

Man arrested over death of woman in north Cork yesterday.

Fear gafa maidir le bás mná i dtuaisceart Chorcaí inné.

Gardaí have arrested a man over the age of 60 in connection with the death of Mary O’Keeffe in north Cork.

Tá fear os cionn 60 bliain gafa ag na Gardaí maidir le bás Mary OKeeffe i dtuaisceart Chorcaí.

The man is being held at Fermoy Garda Station on suspicion of unlawful killing.

Tá an fear á choinneáil i Stáisiún Gardaí Mhainistir Fhear Maí ar amhras go ndearna sé marú neamhdhleathach.

The body of Mary O’Keeffe, 72, of Dromahane near Mallow, was found in a car on fire in a woodland in Annacise, Doneraile, at around 4.30pm yesterday.

Fuarthas corp Mary OKeeffe, 72 bliain, as Drom Átháin in aice Mhala, i ngluaisteán a bhí trí thine i gcoillearnach in Áth na Cise, Dún ar Aill, ag thart ar 4.30 tráthnóna inné.

Another car, owned by Mary O’Keeffe, was found nearby.

Thángthas ar charr eile, ar le Mary OKeeffe í, in aice láithreach.

Her body is due for a post-mortem examination at Cork University Hospital this afternoon.

Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar a corp tráthnóna in Ospidéal Ollscoil Chorcaí.

Leave a Reply