20210121_IRISH_03_18



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y5u4abkk

Michelle O’Neill will support health assistance from the British Army.

Tacóidh Michelle ONeill le cúnamh sláinte ó Arm na Breataine.

Sinn Féin’s leader in Northern Ireland, Michelle O’Neill, has indicated that she is in favor of allowing members of British forces to be used in the conquest of the Crown Virus.

Tá sé tugtha le fios ag ceannaire Shinn Féin i dTuaisceart Éireann, Michelle ONeill, go bhfuil sí i bhfábhar cead a thabhairt úsáid a bhaint as baill dfhórsaí na Breataine sna h-iarrachtaí bua a fháil ar an Choróinvíreas.

It is understood that the British Department of Defense could provide up to 100 military medical technicians for deployment to Northern Ireland and Michelle O’Neill will support the decision.

Tuigtear go bhféadfadh Roinn Cosanta na Breataine suas le 100 teicneoir leighis de chuid an airm a chur ar fáil le cur go Tuaisceart Éireann agus go dtacóidh Michelle ONeill leis an chinneadh.

The Deputy Prime Minister of the Executive told RTÉ News that “saving lives is our number one priority.

Dúirt an leasPhríomh Aire san Fheidhmeannas le Nuacht RTÉ gur “sábháil beatha an rud is tábhachtaí linn.

Keeping people safe and protecting the health service – those are our priorities, “she said,” We will not rule anything out. ”

Daoine a choinneáil sábháilte agus an tseirbhís sláinte a chosaint – sin iad na tosaíochtaí atá againn,” a dúirt sí, “Ní chuirfidh muid aon rud as an áireamh.”

“Anyone who tries to make the Chovid-19 threat a green and orange issue is fostering division and confusion,” she said.

“Is ag cothú deighilte agus mearbhaill atá aon duine a dhéanfaidh iarracht ceist ghlas agus oráiste a dhéanamh de bhagairt an Chovid-19,” a dúirt sí.

Covid-19 is absent from 629 staff in the Northern Ireland public health system.

Ta 629 ball foirne sa chóras sláínte poiblí i dTuaisceart Éireann as láthair de bharr covid 19.

Another 826 staff members are absent due to isolation.

Tá 826 ball eile foirne as láthair de bhrí go bhfuil siad ag féin aonrú.

Leave a Reply