20210103_IRISH_03_41



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y9s57jlb

“Unexpectedly with the intensity of the latest outbreak.”

“Gan aon choinne le tréine na ráige is déana.”

– Coveney.

– Coveney.

Foreign Minister Simon Coveney has indicated that Level 5 restrictions may apply beyond the four weeks currently planned by the Government to suppress Covid-19 proliferation.

Thug an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney le fios go mbfhéidir go mbeadh srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm níos faide ná na ceithre seachtaine atá beartaithe ag an Rialtas faoi láthair le forleathadh covid 19 a bhrú faoi chois.

The Minister said that the severity of the latest outbreak of the disease has affected everyone.

Dúirt an tAire go bhfuil tréine na ráige is deireanaí den ghalar tar éis teacht aniar aduaidh ar gach duine.

He claimed that the work done by the Government in conjunction with the National Public Health Emergency Team since the start of the pandemic to bring the coronary virus under control and save lives has been very successful to date.

Mhaígh sé go raibh éirithe go han-mhaith go dtí seo leis an obair a bhí déanta ag an Rialtas i gcomhar leis an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí ó thús na paindéime chun an coróinvíreas a chur faoi smacht agus beatha daoine a shábháil.

He accepted, however, that a number of mistakes had been made during that time.

Ghlac sé leis, áfach, go ndearnadh roinnt botún i gcaitheamh an ama sin.

Simon Coveney said the most important advice comes from the Emergency Team but the Government also needs to take other things into account.

Dúirt Simon Coveney gur ón bhFoireann Éigeandála a thagann an chomhairle is tábhachtaí ach go gcaithfidh an Rialtas rudaí eile a chur san áireamh freisin.

However, he said, the Government takes the advice of the Emergency Team and acts accordingly.

Mar sin féin, a dúirt sé, tugann an Rialtas ceann de chomhairle na Foirne Éigeandála agus gníomhaíonn siad dá réir.

Leave a Reply