20210102_IRISH_11_01



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y8u3ka4p

Britain officially separated from the European Union.

An Bhreatain dealaithe go hoifigúil leis an Aontas Eorpach.

Britain has left the European Union since the Brexit transition came to an end at 11 o’clock last night.

Tá an Bhreatain imithe as an Aontas Eorpach ó tháinig agus deireadh leis an tréimhse eatramhach Breatimeachta ag 11 a chlog aréir.

Under the deal done, there will be no extra charges on trade between Britain and the European Union.

Faoin margadh atá déanta, ní bheidh aon táillí breise ar thrádáil idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach.

Conversely, the import and export of goods in both Britain and the European Union will involve more bureaucracy and costs.

Os a choinne sin, beidh tuilleadh maorlathais agus costais ag baint le hiompórtáil agus easpórtáil earraí sa Bhreatain agus san Aontas Eorpach araon.

The North will remain in the Single Market and will remain in Union customs rules.

Fanfaidh an Tuaisceart sa Mhargadh Aonair agus is iad rialacha custaim an Aontais a bheas i bhfeidhm ann i gcónaí.

British Prime Minister Boris Johnson claimed that Britain had a safe place in the European Union in the 1970s but that the country has changed radically since then and now faces the wider world.

Mhaígh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson raibh áit shábháilte san Aontas Eorpach ag an mBreatain sna 1970í ach go bhfuil an tír athraithe ó bhonn ó shin agus aghaidh anois acu ar an domhan mór.

Leave a Reply