20201229_IRISH_13_56



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y85sqezl

Bishop of Ossory appointed Archbishop of Dublin.

Easpag Osraí ceaptha mar Ardeaspag Bhaile Átha Cliath.

Pope Francis has appointed Bishop of Ossory Dr Dermot Farrell as Archbishop of the Diocese of Dublin.

Tá Easpag Osraí an Dr Dermot Farrell ceaptha ag an bPápa Proinsias ina Ardeaspag ar Dheoise Bhaile Átha Cliath.

Bishop Farrell will succeed Archbishop Diarmuid Martin who is officially resigning from office today.

Tiocfaidh an tEaspag Farrell i gcomharbacht ar an Ardeaspag Diarmuid Martin atá ag éirí as a chuid dualgas go hoifigiúil inniu.

Dermot Farrell is a native of Castletowngeok, Co. Westmeath.

Is as Baile Chaisleán na nGeochagán i gCo na hIarmhí ó dhuchas é Dermot Farrell.

He is 66 years old.

Tá sé 66 bliain daois.

He served as a parish priest in Co. Meath and was President of St. Patrick’s College, Maynooth before being appointed Bishop of Ossory in 2018.

Chaith sé seal ina shagart paróiste i gCo na Mí agus bhí sé ina Uachtarán ar Choláiste Phádraig, Maigh Nuad sular ceapadh mar Easpag Osraí é sa bhliain 2018.

Archbishop Diarmuid Martin announced his resignation last April.

Dfhógair an tArdeaspag Diarmuid Martin i mí Aibreáin seo caite go raibh sé ag éirí as.

Diarmuid Martin was 75 years old at the time and according to Catholic Church law, archbishops must resign at that age.

Bhí Diarmuid Martin 75 bliain an uair sin agus de réir dhlí na hEaglaise Caitlicí caithfidh ardeaspaig éirí as a gcuid dualgas ag an aois sin.

Diarmuid Martin has been Archbishop of the Diocese of Dublin since 2004.

Bhí Diarmuid Martin ina Ardeaspag ar Dheoise Bhaile Átha Cliath ón mbliain 2004.

Leave a Reply